Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Jun 1992

Vol. 133 No. 7

Adjournment Matters. - Country Galway Group Water Scheme.

Is dócha gur aisteach le rá é gur áit í Conamara go bhfuil fadhb mhór le huisce mar go raibh sé de cháil ar Chonamara an méid báistí ansin. Ach, bíodh sin mar atá, is iomaí teaghlach ansin a dhéanann casaoid ó thráth go chéile faoi chúrsaí uisce. Anocht tá mé ag tógáil ceiste maidir le scéim uisce do cheantar Bhéal ab Daingin in aice leis an gCeathrú Rua i gConamara, ceantar ina bhfuil fadhbanna uisce ag cur as do 20 teaghlach. Tá an fhadhab seo ann i ngeall ar easpa bhrú uisce ag cur as do 20 teaghlach. Tá an fhadhb seo ann i ngeall ar easpa bhrú uisce sa cheantar ón mórscéim ar an gCeathrú Rua.

Is cosúil gur thosaigh an fhadhb seo thart ar 14 bliana ó shin nuair a cuireadh an scéim uisce isteach i gceantar Bhéal an Daingin, agus ó shin tá iarrachtaí ar bun ag muntir an cheantair le scéim uisce a fháil leis an bhfadhb seo a réiteach. Leis an aimsir a bhí againn le cúpla seachtain anuas maraon leis an easpa bhrú uisce sa cheantar seo a luaigh mé, níl aon uisce ar fáil ag go leor de na teaghlaigh ann.

I láthair na huaire tá 1,500 scoláire Gaeilge i gceantar an Ceathrú Rua agus, ar ndóigh, tá sé sin ag cur breis brú ar an gcóras agus ag tarraingt breis fadhbanna. Is é atá ag teastáil, de réir mar a thuigimse an scéal, ná pump agus dabhach nua de thart ar 20,000 galún. Tá an caidéal ag teastáil leis an t-uisce a bhrú isteach sa scéim uisce atá ann cheana féin agus tá dabhach de 20,000 galún ag teastáil le go bhféadfaí an t-uisce a stóráil thar oíche; is é sin, go mbrúfaí an t-uisce isteach san oíche agus ansin go mbeadh an t-uisce ar fáil i gcaitheamh an lae agus go bpumpálfaí suas é ansin. De réir mar a deirtear liom bheadh thart ar chostas £7,000 ar an scéim seo. Tuigim an brú airgid ar fad atá ann agus tuigim nach muidne, Conamara, amháin atá ag iarraidh airgid le haghaidh scéimeanna uisce, ach, é sin ráite, is dóigh liom gur buncheart ag chuile dhuine go mbeadh soláthat uisce ar fáil acu.

Freisin, i gceantar atá ag brath go mór ar thuarasóireacht, ina bhfuil coláiste Gaeilge láidir, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh soláthar uisce ag chuile theaghlach. Ceann de na casaoidí is mó a chloisimid ná go gcaitear turasóirí a dhiúltú sna sceantair seo i ngeall ar cheal uisce mar nach bhfuil daoine sásta fanacht i dtithe gan uisce. Iarraim ar an Aire, mar sin, cead a thabhairt, chomh luath agus is féidir leis, dul ar aghaidh leis an scéim uisce seo atá, mar a dúirt mé, ar na bacáin le fada agus, ar ndóigh, atá ar na bacáin i bhfad sular tháinig seisean go dtí an Roinn. Is fadhb í, is dócha, a tháinig anuas go dtí é le fadhbanna eile. D'iarrfainn air breathnú go báúil ar an iarratas atá déanta agam.

Tuigim an scéal faoi Bhéal an Daingin, faoin phráinn agus an riachtanas atá ag baint le huisce a chur ar fáil do suas le céad teach, agus le haghaidh chúraí feirmeoireachta. Is feasach dom freisin go bhfuil a lán tithe nua aontaithe leis an scéim ón uair a cuireadh ar bun i dtosach é. The group have submitted proposals to improve the supply to the houses in the more elevated parts by using a booster pump to compensate for inadequate peak flows and pressures. The scheme would involve the provision of a large sump or reservoir which could be filled by gravity during off-peak times and from which water could be delivered under pressure to the high level areas. The cost of these improvemnt works is estimated at £27,000.

Senator Ó Cuív will be aware that there are very many applications for group water schemes on hands and that they cannot all be proved at once. I am aware of the concern of the group members to proceed with the improvement works at Béal an Daingin and I will ensure that their application is progressed further as soon as circumstances permit.

Beidh mé lánsásta an cás a chuir an Seanadóir os comhair an tSeanaid inniu a chur faoi bhráid na n-oifigeach i mo Rionn agus má bhíonn ar mo chumas an t-airgead atá riachtanach don scéim sin a chur ar fáil, beidh mé lánsásta an cead cuí a thabhairt.

Barr
Roinn