Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Oct 1997

Vol. 152 No. 4

Resignation of Member of Government and Appointment of Member of Government.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 9 Deireadh Fómhair 1997 ó Rúnaí an Rialtais maidir le Comhalta an Rialtais a éirí as a oifig, Comhalta an Rialtais a cheapadh agus sannadh Ranna Stáit. Leagfar amach an litir ar an ngnáthmhodh i gCin Lae an Tí agus, de dhroim an chraolta seo, clófar é freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that a letter dated 9 October, 1997 has been received from the Secretary to the Government regarding the resignation of a Member of the Government, the appointment of Members of the Government and the allocation of Government Departments. The letter will be set out in the usual manner in the Journal of the House and, consequent on this announcement, it will also be printed in the Official Report of Debates.

Roinn an Taoisigh

Department of the Taoiseach

Baile Átha Cliath 2

Dublin 2

Uimhir Thagartha

Ref. No. S.29764

9 Deireadh Fómhair, 1997.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit

(1) gur thairg Rae De Búrca, T.D., a n-éirí as oifig mar chomhalta don Rialtas don Taoiseach ar an 7 Deireadh Fómhair, agus gur ghlac an Coimisiún atá comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht, ar chomhairle an Taoiseach, leis ar an lá céanna;

(2) go ndearna an Taoiseach, an 7ú lá de Dheireadh Fómhair, 1997, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, An Roinn Gnóthaí Eachtracha a shannadh dó féin;

(3) go bhfuil an Coimisiún atá comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht, ag gníomhú dóibh ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Micheál Mac Gabhann

(Michael Smith)

comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inné mar chomhalta den Rialtas;

(4) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha do féin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Daithí Mac Aindriú

(David Andrews)

comhalta den Rialtas; agus

(5) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh an Roinn Cosanta do Daithí Mac Aindriú a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Micheál Mac Gabhann

(Michael Smith)

comhalta den Rialtas.

Frank Murray, Ard-Rúnaí an Rialtais.

Barr
Roinn