I have to inform the House that letters dated 26 January 2000 and 1 February 2000 have been received from the Secretary to the Government regarding the resignation of a member of the Government and the appointment of members of the Government and Ministers of State. The letters will be sent out in the usual manner in the Journal of the House and consequent on this announcement they will also be printed in the Official Report.
Uimhir ThagarthaRef. No.S.29764 |
ROINN AN TAOISIGHDepartment of the TaoiseachBAILE ÁTHA CLIATH 2Dublin 2 |
26, Eanáir, 2000
An Rúnaí Príobháideach
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit
(1)gur thairg Daithí MacAindriú, T.D., a n-éirí as oifig mar chomhalta don Rialtas don Taoiseach ar an 26 Eanáir, agus gur ghlac an Coimisiún atá comhdhéanta mar a shocraítear in alt 2 d'Airteagal 14 den Bhunreacht, ar chomhairle an Taoiseach, leis inniu; agus
(2)go ndearna an Taoiseach inniu, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, An Roinn Gnóthaí Eachtracha a shannadh dó fhéin.
Rúnaí Cúnta an Rialtais
Uimhir ThagarthaRef. No.S.29764 |
ROINN AN TAOISIGHDepartment of the TaoiseachBAILE ÁTHA CLIATH 2Dublin 2 |
28, Eanáir, 2000
An Rúnaí Príobháideach
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit
(1)go bhfuil an Uachtarán, ag gníomhú di ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Proinsias Ó Fathaigh
(Frank Fahey)
comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inné mar chomhalta den Rialtas;
(2)go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha dó féin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Brian Ó Comhain
(Brian Cowen)
comhalta den Rialtas;
(3)go bhfuil and Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh an Roinn Sláinte agus Leanaí do Brian Ó Comhain a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Micheál Ó Máirtín
(Micheál Martin)
comhalta den Rialtas;
(4)go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do Micheál Ó Máirtin a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Micheál Ó hUadhaigh
(Michael Woods)
comhalta den Rialtas; agus
(5)go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 3 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inné tar éis sannadh Roinn na Mara agus Acmhainní Nádúrtha do Micheál Ó hUadhaigh a fhoirceannadh agus an Roinn sin a shannadh do
Proinsias Ó Fathaigh
(Frank Fahey)
comhalta den Rialtas.
Peter Ryan
Rúnaí Cúnta an Rialtais