Official Languages Bill 2002 [ Seanad Bill amended by the Dáil ] : Report and Final Stages.

This is a Seanad Bill which has been amended by the Dáil. In accordance with Standing Order 103, it is deemed to have passed its First, Second and Third Stages in the Seanad and is placed on the Order Paper for Report Stage. On the question, "That the Bill be received for final consideration," the Minister may explain the purpose of the amendments made by the Dáil. This is looked upon as the report of the Dáil amendments to the Seanad. The only matters, therefore, which may be discussed are the amendments made by the Dáil. For Senators' convenience, I have arranged for the printing and circulation of the amendments. They may speak only once on Report Stage.

Question proposed: "That the Bill be received for final consideration."

Cuireann sé áthas orm bheith ar ais anseo tráthnóna agus is tráthúil go bhfuil muid anois ar an mír dheiridh a bheidh á phlé sa Seanad roimh sos an tsamhraidh agus gurb é críoch Bille na dTeangacha Oifigiúla atá á phlé againn. Nuair a bhí me anseo san earrach, dúirt mé go raibh súil agam go mbeadh seo achtaithe roimh sos an tsamhraidh agus, buíochas le Dia, is mar sin a bheidh.

Tá áthas orm bheith anseo inniu fosta chun sibh a chur ar an eolas maidir leis na leasuithe a rinneadh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 sa Dáil ó ritheadh sa Teach seo é ar an 13 Bealtaine. Mar a gheall mé le linn na díospóireachta ar Chéim na Tuarascála sa Teach seo, ghlac me le tuilleadh comhairle ar roinnt nithe a bhí ardaithe liom le linn na ndíospóireachtaí éagsúla agus is de thoradh an chomhairle breise a fuair mé a rinneadh na leasuithe atá i gceist.

Tá liosta iomlán de na leasuithe curtha ar fáil do Seanadóirí. Rinnneadh 39 leasú san iomlán agus ba leasuithe teicniúla formhór acu. Ba mhaith liom léargas a thabhairt do na leasuithe a rinneadh ar an mBille sa Dáil in ord de réir riar na n-alt chomh fada agus is féidir.

Bhí leasú teicniúil i gceist in alt 2, a bhaineann le leasuithe Uimh. 1, 17, 20 agus 39, a bhí riachtanach de thoradh leasú Uimh. 22 a rinneadh le deimhniú gur i nGaeilge amháin a bheadh tideal oifig chomisinéara na dteangacha oifigiúla agus go dtabharfadh an coiminiséir teanga ar an gcoimisinéir. Rinne an leasú sin go mbeadh teideal níos simplí ar an gcoimisinéar, go háirithe i gcomhthéacs dhul i bhfeidhm ar an bpobal.

Leasú teicniúil a bhí i gceist maidir le leasú Uimh. 2. Rinneadh leasú Uimh. 3 chun soiléiriú breise a dhéanamh do bhrí na forála áirithe seo. De thoradh an leasuithe seo, ní bheidh gá le rialachán le feidhm a thabhairt don fhoráil agus tá sé soiléir ann go bhfuil gach seirbhís de chuid comhlachtaí poiblí clúdaithe agus is cuma an go díreach nó go neamhdhíreach a chuirtear an tseirbhís sin ar fáil.

In alt 6 rinneadh leasú Uimh. 4 agus 5 le soiléiriú breise a dhéanamh ar bhrí na bhforálacha in alt 6. Deimhníonn na leasuithe seo, mar a bhí ar intinn ó thús, go bhfuil cead ag gach duine Gaeilge a úsáid os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair aon choiste dá chuid.

Rinneadh leasú Uimh. 6 ar chomhairle an Dhréachtóra Pharlaiminte toisc go raibh an baol ann go raibh na focail "caint dhíreach" débhíoch ó thaobh an dlí de agus chomh maith leis sin chun a chinntiú nach mbeadh gá le ceisteanna Dála scríofa, a aistriú go Gaeilge.

Rinneadh leasú Uimh. 7 ar alt 8 ar chomhairle an Dhréachtóra Pharlaiminte toisc go dtuigim ó na Seirbhísí Cúirteanna go mbíonn buntáiste ann i gcásanna áirithe aistriúchán chomhleanúnach – consecutive translation – a bheith ar fáil in ionad aistriúchán comhuaineach – simultaneous translation. Faoin leasú seo fágtar an dischréid ag an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh faoin gcóras aistriúchaáin a bheidh le húsáid.

Cinntíonn leasú Uimh. 8 go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí an teanga oifigiúil atá roghnaithe ag an bpáirtí eile úsáid. Beidh cead, áfach, ag aon fhinné a rogha teanga a úsáid.

Is é an fáth a bhí le leasú Uimh. 9 ná a chinntiú nach mbeidh aon athrú ar an ngnáth-riail atá i bhfeidhm maidir le costais ullmhúcháin na bpáirtithe i gcásanna sibhialta i.e., nach bhfuil aon ról ag an Stát sa chúram sin toisc gur ceist i don bhreitheamh nó ceist atá le réiteach idir na páirtithe féin ag deireadh an cháis.

Bhain leasuithe Uimh. 10 agus 11(a) leis an bhforáil áirithe sin a thréisiú trí fhogairtí béil – bíodh siad beo nó taifeadta – a chur san áireamh. Leis an bhforáil áirid sin a threisiú trí fhógairtí béil, bíodh siad beo nó taifeadtha, a chur san áireamh. Is leasú teicniúil a bhí i gceist i leasú Uimh. 11, a rinneadh ar an mbonn nach raibh na focail “nó cibe cuid d'ábhar” riachtanach le brí an fhoráil a thuiscint.

Is leasú tábhachtach a bhí i gceist le leasú Uimh12. De thoradh an leasaithe seo beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbeidh aon chumarsáid, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, a déantar leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Leasuithe teicniúla a bhí i gceist le leasuithe Uimh. 13, 14, 16, 18, 19 agus 21 ar altanna 11, 13, 15 agus a 17. Bhí na leasuithe seo riachtanach toisc gur rinneadh ath-eagrú, ar chomhairle an Dréachtóra Pairliminte, ar ord na n-alt i gcás alt a 9, mar a bhí roimhe seo. Níor dearnadh aon athrú ar théacs an ailt sin.

Leasú thar a bheith tábhachtach a bhí i leasú Uimh. 15 ar alt 13. Baineann an leasú leis na forálacha san mBille maidir le léibhéal agus caighdeán na seirbhíse a cuirtear ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a threisiú. Faoin leasú seo tá dualgas ar chomhluchtaí poiblí cinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre ina gcuid oifigí atá lonnaithe san nGaeltacht taobh istigh de thréimhse ama a bheidh le haontú idir an comhlucht poiblí agus an Aire.

Maidir le halt 20, mar a mhínigh mé roimhe seo an fáth a bhí le leasú Uimh. 22 ná chun a dheimhniú gur i nGaeilge amháin a bheadh teideal oifig choiminisinéir na dteangacha oifigiúla agus go dtabharfaí an coimisinéir teanga ar an gcoimisineir. Ar mhaith le teideal níos simplí agus níos éasca a bheith ar an gcoimisinéir, go háirithe i gcomhthéacs dul i bhfeidhm ar an bpobal.

Leasú teicniúil a bhí i gceist le leasú Uimh. 23 ar alt 22, a rinneadh ar chomhairle an Dréachtóra Pairliminte. Leasú teicniúil a bhí i gceist le leasú Uimh. 24 ar alt 23, a rinneadh ar chomhairle an Dréachtóra Pairliminte, le cinntiú go mbeadh forálacha alt a 21(f) agus an fo-alt árithe seo mar an gcéanna.

Bhí leasú Uimh. 25 ar alt 27 riachtanach le soiléiriú a dhéanamh gurb é an coimisinéir teanga a bheidh freagrach as riaradh scéim cúitimh, mar a bhí i gceist agam ón tús. Anuas air sin beidh an dualgas ar an gcomhlucht poiblí i gceist pé cúiteamh a bhíonn molta ag an gcoimisinéir a íoc as an soláthar airgid féin.

Rinneadh leasú Uimh. 26 ar alt 28 ar chomhairle an Ard Aighne agus toisc gur rinneadh ais-ghairm ar fhoráil a bhí cosúil leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le déanaí. Tá altanna 31, 32, 33 34 agus 35 nua.

Go bunúsach, baineann leasuithe Uimh. 27, 28, 29, 30 agus 31 le stádas na leagan Gaeilge na logainmneacha a threisiú. Faoi na leasaithe seo is i nGaeilge amháin a bhéas logainmneacha sa Ghaeltacht agus beidh stádas comhionann ag an leagan Béarla agus Gaeilge de logainmneacha sa chuid eile den tír. Is rud tábhachtach atá déanta. Ní raibh aon stádas oifigiúil ag an leagan Gaeilge de logainmneacha go dtí seo. D'fhéadfaí iad a úsáid sa dlí ach ní rabhadar oifigiúil. Is é an chaoi a bheidh sé as seo amach ná taobh amuigh den nGaeltacht beidh an dá leagan oifigiúil agus taobh istigh den nGaeltacht ní bheidh ach an Ghaeilge oifigiúil. Beidh an Béarla san nGaeltacht mar a bhí an Ghaeilge san ngalltacht go dtí seo. Sílim féin gur feabhas mór é sin ar chúrsaí. Mar shampla, nuair a bhéas na hordaithe cuí déanta maidir le clárú talún is i nGaeilge a bhéas na hainmneacha san nGaeltacht agus is mar sin a clarófar iad as seo amach.

Rinneadh leasú Uimh. 32 alt 32 a aisghairm, ar chomhairle an Ard Aighne agus de thoradh cinneadh Rialtais. Is leasú teicniúil a bhí i gceist le leasú Uimh. 33 ar an Chéad Sceideal, le soiléiriú breise a dhéanamh ar bhrí an fhoráil áirithe sin. Faoin leasú seo tiocfaidh comhlachtaí faoi alt 1(5) den Chéad Sceideal más amhlaidh go bhfaighidh siad 50% nó níos mó dá gcaiteachas reatha in aon bhliain airgeadais ar leith ó chomhlacht poiblí mar atá sonraithe i bhfomhír (2), (3) nó (4) den alt sin nó ón bPríomh-Chiste.

Ba leasaithe teicniúla a bhí i gceist chomh maith le leasuithe Uimh. 34, 35 agus 36 a rinneadh chun na forálacha sa Bhille a bhaineann le comhlachtaí poiblí nua a thiocfaidh faoi fhorálacha an Bhille a chur san áireamh sa Chéad Sceideal den Bhille a dhéanamh níos simplí. Is leasú teicniúil a bhí i gceist le leasú Uimh. 37 ar an Dara Sceideal.

Táim sásta go bhfuil forálacha an Bhille seo cuimsitheach, go bhfuil siad treisithe go mór leis na leasaithe atá déanta ar an mBille le linn dó a bheith ag dul tríd Thithe an Oireachtais agus go gcuirfidh said go mór le leibhéal agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a usáid agus iad ag plé leis na heagrais sin. Táim sásta freisin go gcinnteoidh an Bille seo, thar an tréimhse tosaigh, soláthar seirbhísí poiblí sa Ghaeilge atá i bhfad níos fearr ó thaobh caighdeáin de agus níos fairsinge ó thaobh réimse de, i gcomparáid leis an scéal fíorásach atá ann i láthair na huaire agus go soláthróidh sé meicníocht a bheidh láidir go leor chun ligean domsa, mar Aire, agus do mo chomharbaí an leibhéal tosaigh sin a fheabhsú de réir a chéile le soláthar seirbhísí níos mó, céim ar chéim, a chinntiú, le freastal ar phobal na Gaeilge agus le go mbeidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí ar fud na tíre.

Tús maith é seo. Beidh dúshlán mór romhamsa, roimh gach uile dhuine agus roimh na comhlachtaí poiblí i gceist ag cur an Achta seo i bhfeidhm ach creidim go bhfeicfimid go sciobtha athraithe suntasacha ar scála nach bhfacamar ariamh ó bhlianta tosaigh an Stáit nuair a bhí borradh ann. Tá súil agam gur mar sin a bhéas.

Ta mé sé bliana ag plé leis an mBille seo. Bóthar fada, fadálach anróiteach a bhí i gceist. Ní jab éasca teacht ar na foirmlí cearta a bheadh réalaíoch ar lámh amháin agus, ar an dtaobh eile den scéal, a thabharfadh stádas don Ghaeilge nach raibh aici go dtí seo. Chuidigh go leor daoine liom ar an mbealach. Bhí dream dílis ag obair sa Roinn ar an mBille seo le fada an lá agus de réir mar a chuaigh daoine ar aghaidh go dtí postanna eile tháinig dream eile a thóg an cúram orthu féin. Rinneadh éacht oibre thar tréimhse sé bliana le seo a thabhairt go dtí an lá go mbeidh seo rite ag an dá Theach den Oireachtas.

Chomh maith leis sin, ón gcéad lá bhí baint mhór ag pobal na Gaeilge agus ag na heagrais Gaeilge leis an obair. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo as na tuairimí ar fad a chuir siad ar aghaidh i rith an ama sin. Bhí plé bríomhar ann. Is cuimhin liom iarraidh ar na heagrais go mbeidís i láthair sa Teach agus an Bille á phlé le go dtiocfaidís ar thuiscint ar an gcóras atá i gceist agus go mbeidís in ann moltaí a dhéanamh domsa agus dos na pairtithe éagsúla sa Dáil agus sa Seanad. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na heagraíochtaí a rinne é sin. Dua mór a bhí ann agus bhí go leor ama i gceist ach ba chúnamh mór don phróiséas ar fad gur dearnadh é sin.

Ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghlacadh le Baill Thithe an Oireachtais a chuir an oiread sin anró orthu féin ag plé leis an mBille. Níl aon cheist ach go raibh fáilte roimh an mBille seo ar gach uile thaobh den dá Theach. Ghlac go leor Seanadóiri agus Teachtaí Dála páirt in imeachtaí an Bhille seo. Rud amháin a thug an-mhisneach dom ná gur ag tacú agus ag taobhú le haidhmeanna an Bhille a bhí gach aon duine acu. Is túr dóchais é don todhchaí go bhfuil an oiread sin de ionadaithe poiblí na tíre ar son na hoibre atá ar bun againn. Deirimse i gcónaí gur scathán ar an bpobal na hionadaithe poiblí.

Ba mhaith liom buíochas freisin a ghlacadh leis an bhfoireann aistriúcháin, leis an Dréachtóir Pairliminte agus leo siúd a oibríonn in dTithe an Oireachtais. Ní thuigeann daoine an méid oibre a bhíonn i gceist i rud mar seo a réiteach. Chríochnaíomar sa Dáil inné agus tá na cáipéisí ar fad réidh agus leasaithe arís inniu i nGaeilge agus i mBéarla. Is éacht oibre é sin agus tá an-bhuíochas ag dul dos na daoine a bhí pairteach ann.

Tá súil agam go mbeimid in ann glacadh leis an mBille seo inniu, go dtiocfaimid ar aghaidh go dtí an chéad Chéim eile, is é sin cur i bhfeidhm an Bhille. Beidh obair an Bhille seo agus an Achta mar a bheidh lárnach d'obair na Roinne Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go ceann blianta amach anseo. Sé an sprioc atá agam ná nuair a thiocfaimid ar ais i gceann cúig bliana agus deich mbliana ag déanamh athbhreithniú air seo feicfear gur gléas láidir a bhí anseo le cur le cothú na Gaeilge mar theanga. Bhí go leor daoine ann a dúirt nach mbeadh an Bille seo ann go bráth agus nach n-achtódh Tithe an Oireachtais Bille teanga láidir. Buíochas le Dia, bhí lucht an amhrais sa gcás seo mícheart – tá an Bille ann. Fágfaidh mé do na Seanadóirí anois a séal a chur ar an obair.

Gabhaim buíochas don Aire agus gach duine eile a bhí ag obair ar an mBille seo. Tá Fine Gael sásta leis. Tá a lán obair le déanamh chun na Gaeilge a mhéadú ar fud na tíre agus tacaíocht a thabhairt don nGaeltacht. Bhí fadhb ag Fine Gael le halt 32 agus athraíodh é agus tá muid an-sásta leis sin. Tá mé féin agus Fine Gael dóchasach go dtosóidh an Bille seo an obair agus go mbeidh an Gaeilge ag méadú mar gheall ar an mBhille.

Is mian liom glacadh leis an deis seo chun tréaslú leis an Aire. Mar a dúirt sé, bhí an-chuid oibre i gceist ó thús go deireadh. Bhí 39 leasuithe ar fad – is ionann sin agus a rá go raibh an tAire ag éisteacht go géar le gach tuairim agus comhairle. Bhí sin thar a bheith tábhachtach mar is rud amháin é Acht a bheith ann agus rud eile ar fad é a chur i bhfeidhm agus dul chun cinn a fháil as.

Tá meascán an-chiallmhar agus an-phraicticiúil anseo de dea-thoil ar an lámh amháin agus dualgas ar an lámh eile agus sin mar ba chóir. Dúradh go minic sna díospóireachtaí a bhí againn go bhfuil an dea-thoil sin go forleathan anois agus tá sé tábhachtach agus riachtanach má tá muid i ndáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge bheith in ann tógáil ar an deá-thoil sin.

Bhí daoine ann a bhí in amhras le tamall nach mbeadh a leithéid de Bhille ann i riamh. Mar a tharlaíonn go minic, ní raibh an ceart acu faoi seo mar is caipéis stairiúil seo agus tá sé ag teacht díreach in am mar ní leor dea-thoil, caithfimid a bheith dírithe níos mó ar an sprioc. Sa chás seo, tá an chabhair le fáil sa mBille.

Tréaslaím le lucht an Fhreasúra mar ní raibh aon dhíospóireacht faoi seo pearsanta agus ní raibh aon nimhneas ag baint leis, rud a chruthaigh go bhfuil formhór muintir na hÉireann ar thaobh na Gaeilge, níos mó anois ná i riamh. Bhí an Freasúra thar a bheith cabhrach i ngach díospóireacht.

Níl aon amhras gur sheas na heagrais deonacha an fód le blianta fada anuas ar son na Gaeilge. Thaispeáin siad cé chomh misniúil agus a bhí siad nuair nach raibh siad sásta le rudaí sa mBille gur chuir siad cabhair agus comhairle chugainn. Éinne atá praiciticiúil faoi chur chun cinn na Gaeilge, beidh sé sásta go bhfuil an Bille seo ann. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Aire bheith fláithiúil leis na heagrais céanna. Aon airgead atá caite ar chur chun cinn na Gaeilge, is airgead ar son na Gaeilge é mar tá torthaí le feiceáil ar an obair sin.

Tréaslaím leis na hoifigigh. Is rud amháin é litir a scríobh ach nuair atá muid ag obair ar chaipéis agus bunús dlí ag baint leis, caithfear é a léamh agus a athrú arís agus arís eile. Beidh sé deacair ar éinne aon locht a fháil ar an mBille seo. Beidh muid ag teacht ar ais dó i gceann cúig bliana ar aon nós.

An rud is tábhachtaí ná an bhfuil muid go léir sásta úsáid a bhaint as na seansanna a bheidh againn anois? Sin an príomhrud. Is minic a chuirtear ceist ar duine an ndéanann sé a chuid ghnó trí Ghaeilge le Aonad 88, agus daoine atá an-bháúil don nGaeilge, ní úsáideann siad áis den sort sin. Chuala mé le déanaí go mbeidh an tseirbhís ag Aonad 88 a leathnú amach sna hoifigigh reigiúnacha freisin. Rinne an tAire lainseáil agus chuir sé poiblíochta ar an choimisiún logainmneacha so tá dul chun cinn ann chuile lá anois. Más féidir linn go léir bheith ag obair as lámh a chéile, bheith aontaithe mar fhoireann, agus treoir a thabhairt don bpobal i gcoitinne, beimid in ann dul chun cinn a dhéanamh.

Aon obair atá le déanamh faoin mBille, tá práinn ag dul leis. Thabharfadh na díospóireachtaí sna Tithe dóchas do dhuine mar ní raibh aon droch-thoil a léiriú. Ní bheadh an scéal amhlaidh sna 1950í agus 1960í. Bhí sé soiléir go bhfuil daoine taobh thiar den Ghaeilge agus caithfidh muid an obair seo a dhéanamh go práinneach mar gheall air sin.

Bhí an t-ádh linn go bhfuil an tAire Éamon Ó Cuív againn mar threoraí sa mBille. Níl éinne eile a bheadh in ann leanúint leis mar a rinne sé agus a shúil ar chroí an scéil i gcónaí toisc den ghrá, taithí, eolas agus tuiscint atá aige ar fhealsúnacht na Gaeilge. Molaim an tAire agus gach duine a chabhraigh críoch a chur leis an obair seo.

Question put and agreed to.
Question proposed: "That the Bill do now pass."

Gabhaim buíochas do chuile duine a bhí páirteach san obair seo. Lá stairiúil don nGaeilge é seo. B'fhéidir gur rud é gur cheart a dhéanamh i bhfad siar. Bhí an cuireadh ann i riamh sa mBunreacht é a dhéanamh agus ní déarnadh ach is fearr deireannach ná go bráth. Don chéad uair, tá Bille na dTeangacha Oifigiúla ann.

Gabhaim fíor-bhuíochas le Fine Gael. Bhí baill den pháirtí ag plé leis seo ó thús agus thug siad an-tacaíocht dom sa Dáil agus sa Seanad agus tá mé an-bhuíoch as ucht an dhearcaidh dearfa a ghlac siad agus iad ag plé an Bhille. Gabhaim míle buíochas fosta don Seanadóir Ó Murchú agus chuile duine a thug cúnamh air seo. Chuidigh a dtacaíocht go mór liom san obair seo.

Question put and agreed to.

When it is proposed to sit again?

The House will adjournsine die.