Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis na Seanadóirí. Tosóidh mé an díospóireacht agus críochnóidh an tAire, an Teachta Catherine Martin, í. Ó ceapadh mé mar Aire Stáit le freagracht i leith na Gaeltachta agus Spóirt i lár na bliana seo caite, in ainneoin na srianta a bhaineann leis an bpaindéim táim tar éis iarracht a dhéanamh casadh leis an oiread eagraíochtaí agus pobal Gaeilge agus Gaeltachta agus is féidir. Cé go mb'éigean dom é a dhéanamh go fíorúil den chuid is mó, d'éirigh liom casadh le réimse leathan d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta. Dar ndóigh, tá réimse leathan tacaíochtaí á gcur ar fáil chun an teanga a fhorbairt i measc an phobail. Díreoidh mé inniu ar dhá earnáil - earnáil na teicneolaíochta agus earnáil an spóirt. Tá iarrachtaí ar bun ag mo Roinn earnáil na teicneolaíochta Gaeilge a fhorbairt ar mhaithe le pleanáil don todhchaí agus le léiriú d'aos óg na tire gur teanga nuálach comhaimseartha i.

Is tionscadal de chuid Camara Education Ireland é TechSpace a fheidhmíonn mar ghréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha atá Ionnaithe in ionaid óige agus scoileanna. Cabhraíonn sé le hógánaigh a bheith gníomhach-----

Gabh mo leithscéal, ach an mbeadh aon seans cóip a fháil d’aitheasc an Aire Stáit?

Tá sé lasmuigh den doras.

Táim buíoch den Aire Stáit agus beidh fáilte agus fiche roimhe nuair a thagann sé.

Cabhraíonn sé le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta. Foghlaimíonn daoine óga conas scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh agus déantar ó seo ar fad trí Ghaeilge.

Tá an clár TechSpace curtha i bhfeidhm go náisiúnta i scoileanna agus ionaid óige le os cionn 60 scoil agus eagraíocht ag glacadh páirt san tionscadal Gaeilge. Tá an oiread sin spéise á cur san tionscadal go bhfuiltear ag cur tús leis an gclár sna bunscoileanna i mbliana.

Reáchtáiltear an ócáid Tech Féile gach bliain le léiriú de cheardlanna agus taispeántais le haoichainteoirí agus le taibheoirí. Tugann sé seo an deis do na scoileanna agus do na hionaid óige a gcuid ábhair a chur ar thaispeántas agus ceiliúradh a dhéanamh ar an sárobair atá á baint amach ag an aos óg sa teicneolaíocht cruthaitheach. Toisc srianta Covid-19, is ar-líne a bheidh Tech Féile na bliana seo ar siúl. Tá áthas orm go mbeidh deis ag an oiread sin daoine óga páirt a ghlacadh ann, tar éis an bhliain crua atá curtha isteach acu.

Tá mo Roinn ag tacú le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chun an tionscadal ABAIR a fhorbairt chomh maith. Tá obair cheannródaíoch ar siúl ag ABAIR le blianta beaga anuas chun teicneolaíocht na hurlabhra a sholáthar don Ghaeilge. Ón tús, mar gheall ar an gcúlra láidir teangeolaíochta, teicneolaíochta agus Gaeilge a bhí acu, bhí an fhís ag foireann ABAIR uirlisí urlabhra a chur ar fáil ionas go mbeadh pobal na Gaeilge ábalta feidhmiú i saol digiteach an lae inniu. Cé gur ar sintéis na Gaeilge a bhí ABAIR dírithe sa chéad áit, tá an réimse taighde leathnaithe go mór le blianta beaga anuas. Tá tús curtha le haithint cainte, agus tá borradh tagtha ar shraith leathan fothionscadal chun áiseanna a fhorbairt a bhfuil teicneolaíocht na hurlabhra mar bhunchloch acu. Cruthaíodh léitheoir scáileáin chomh maith dóibh siúd le míchumas radhairc a léann gach a bhfuil ar an ríomhaire os ard. Tá an léitheoir seo ar fáil le rogha canúintí Ghaeilge agus le haschur Braille. Tá sé mar mhórfhís ag ABAIR an Ghaeilge labhartha a thabhairt go croílár an tsaoil dhigitigh, trí réimse iomlán teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna don 21ú aois a chur ar fáil atá ar ardchaighdeán idirnáisiúnta. Tá sé seo ag freagairt go díreach d'aidhmeanna na Stráitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ag croílár na pleanála teanga. Tá sé ríthábhachtach don Ghaeilge a bheith páirteach sa réabhlóid dhigiteach mar, mura bhfuil sí, fágfar ar gcúl í i dtodhchaí digiteach na linne seo.

Is chuige sin a bhfuil mo Roinn ag tacú le tionscadal digiteach eile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; is é sin an tionscadal GaelTech. Is tionscadal í seo de chuid an ionad ADAPT, a bhfuil maoiniú ceadaithe dó chun clár taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017 go 2021. Is obair an-teicniúil atá i gceist, atá ríthábhachtach le déanamh cinnte de nach mbeidh an teanga fágtha taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de.

Mar go bhfuilim freagrach do chúrsaí spóirt agus do Ghaeilge, tá spéis ar leith agam i dtograí ina ndéantar nasc idir an péire acu. Ar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil tríd an spórt, tá cláir ar leith á mhaoiniú ag mo Roinn ar a n-áirítear clár na gcluichí Gaelacha, an clár aclaíochta agus scéim na gcampaí samhraidh. Is bearta praiticiúla iad seo, atá ag tacú leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta araon. In ainneoin na srianta atá i bhfeidhm, tá áthas ar leith orm go bhfuil na heagrais atá ag riar chlár na gcluichí Gaelacha agus an chláir aclaíochta ag cur físeáin tarraingteacha agus taitneamhacha i scileanna peile, iománaíochta agus aclaíochta le chéile. Tá na físeáin seo á gcur ar fáil do na scoláirí fad atá siad ag obair go cianda agus á gcur suas ar na meán shóisialta. Ar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil tríd na spóirt Ghaelacha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna faoi leith i nGaeltacht Chonnacht agus i nGaeltacht na Mumhan, cuirtear cúnamh airgid ar fáil trí chlár na gcluichí Gaelacha chun cláir oibre comhaontaithe a fheidhmiú.

Cheadaigh mo Roinn beagnach €500,000 thar tréimhse trí bliana don chlár in 2019. De thoradh seo, tá an clár á reáchtáil i 73 scoil Ghaeltachta i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Tá 15 duine fostaithe mar thraenálaithe faoin scéim. Faoin gclár aclaíochta agus spóirt atá á riar ag Muintearas Teoranta le tacaíocht mo Roinne, tugtar cuidiú breise do scoileanna chun deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chruthú do pháistí tríd deiseanna breise oideachais fhisiceach agus aclaíochta a chur ar fáil. Cheadaigh mo Roinn deontas d'os cionn €200,000 in 2019 thar tréimhse trí bliana chun an clár a riar in 18 bunscoil i nGaeltacht Chonamara.

Tugann scéim na gcampaí samhraidh de chuid mo Roinne deis iontach d'aos óg na Gaeltachta chun tabhairt faoi imeachtaí taitneamhacha i gcomhluadar a chéile gach samhradh i dtimpeallacht Ghaeilge, rud atá ar leas an aosa óig agus na Gaeilge araon. Tá an cheist maidir le reáchtáil na gcampaí i mbliana á cíoradh ag mo Roinn faoi láthair. Mar thaca breise don aos óg anuraidh le linn na paindéime, ceadaíodh maoiniú, i gcomhar le Foras na Gaeilge, do TG4 chun dhá shraith theilifíse de Campaí Cúla4 a chraoladh go laethúil thar thréimhse an tsamhraidh.

Tagann lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge le chéile ó cheann ceann na tíre gach samhradh de ghnáth le féile mhór peile a bheith acu ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Faraor, cuireadh an comórtas a bhí beartaithe i Leitir Móir i nGaeltacht na Gaillimhe in 2020 siar mar gheall ar na srianta Covid-19 agus is cosúil go mbeidh an rud céanna ag tarlú i mbliana. Táimid uile ag súil le comórtas 2022 anois nuair a bheidh srianta na paindéime thart agus deis ag pobail na nGaeltachtaí éagsúla bailiú le chéile arís don cheiliúradh mór spóirt seo. Mar go bhfuil sé aitheanta ar feadh i bhfad go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le timpeallacht chuí a chruthú inar féidir le daoine an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha, tá iarrachtaí suntasacha á ndéanamh ag cumainn sa Ghaeltacht chun an timpeallacht sin a chruthú. Mar aitheantas ar an obair fónta atá déanta ag na cumainn ar fud na Gaeltachta, cuireann mo Roinn cuidiú ar fáil chun páirceanna a chur in oiriúint don líon ard cuairteoirí ó Ghaeltachtaí na tíre ar fad a thugann aghaidh ar an gcomórtas gach bliain. Cheadaigh mo Roinn beagnach €300,000 in 2020 chun na háiseanna ag Páirc an Mháimín i Leitir Móir a fheabhsú agus, an bhliain roimhe sin, ceadaíodh os cionn €120,000 chun na háiseanna ag Baile na nGall i gCiarraí a fheabhsú don chomórtas.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é cuspóir na fondúireachta seo cúnamh a chur ar fáil do na clubanna i bhfoirm comhairle, tacaíocht agus smaointe le pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar bhonn tomhaiste agus céimnithe. Is féidir deontas a lorg ón bhfondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronntar boinn ar na clubanna le haitheantas a thabhairt as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga. Tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil don scéim seo ó 2019 i leith agus tá sé á maoiniú ag Foras na Gaeilge chomh maith. Go dáta, tá 109 bonn cré-umha, 43 bonn airgid agus ocht mbonn óir bronnta ar chlubanna agus é de sprioc ag Glór na nGael an líon sin a ardú de réir a chéile.

Is am dúshlánach é seo don tír i gcoitinne, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge san áireamh. Tá mise dóchasach agus muiníneach ón méid atá feicthe agam de spiorad agus de chur chuige ceannródaíoch i bpobail ó cheann ceann na tíre go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na dúshláin ar bhealach dearfach agus spreagúil. Is údar misnigh dúinn ar fad gur éirigh le Seachtain na Gaeilge dul ar aghaidh san aeráid dhúshlánach seo agus níl aon amhras orm ach go mbeidh tairbhe ar leith dóibh siúd a ghlacann páirt.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a chur in iúl don Teach go bhfuil mé féin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, tar éis Gobnait Ní Mhuineacháin, atá ainmnithe ag Comhairle Contae Chorcaí, a cheapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta inniu. Ciallaíonn sé seo go mbeidh cúigear ban ar bhord an údaráis anois, an líon is mó ban riamh ar an mbord agus rud thar a bheith tráthúil agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh againn inniu. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an gcuireadh a thabhairt dom labhairt anseo inniu agus guím gach rath ar na himeachtaí ar fad le linn na seachtaine. Tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad eile sula mbeidh mé ar ais os bhur gcomhair arís le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 atá ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair, Bille atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Táimid an-bhródúil as a bheith ag caint sa Teach seo. Tá ráiteas an Aire Stáit ar fáil lasmuigh den Seomra. Tá ocht nóiméad ag gach urlabhraí. Glaoim ar an Seanadóir Mullen.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Is mór an tábhacht a thugann muid sa Teach seo don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge inár sochaí. Is coicís na Gaeilge atá i gceist anois, agus de réir a chéile tá na hócáidí seo ag dul níos mó, ach guím Seachtain na Gaeilge shona ar gach duine.

Déanaimís uilig iarracht an Ghaeilge a labhairt sna laethanta seo, an méid agus is féidir linn, chun cur le tábhacht na Gaeilge inár dtír agus chun borradh agus tacaíocht a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge, bíodh siad sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht.

Aithním an méid a dúirt an tAire Stáit faoi na himeachtaí éagsúla uilig, na rudaí atá ar siúl ar leibhéal an chultúir, ar leibhéal na teicneolaíochta, ar leibhéal na meáin sóisialta agus ar leibhéal spóirt, agus tá suim agus ról áirithe ag an Aire Stáit i gcúrsaí spóirt. Muna bhfuil struchtúr faoin méid sin ar fad, ina bhfuil tábhacht á léiriú ag an Stát agus ag struchtúir an Stáit ar leibhéal na reachtaíochta agus ar leibhéal na gcearta, beidh sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh sa mheántéarma, gan a bheith ag caint faoin bhfadtéarma. Caithimid a bheith dearfach faoi na rudaí maithe ar fad atá ag dul ar aghaidh agus tréaslú leis na daoine sin, bíodh siad sna meáin cumarsáide nó sna hearnálacha spóirt nó cultúir.

Ag an am céanna, caithimid an cheist a chur anseo i dTeach na Parlaiminte: an bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge? Is maith an rud é go mbíonn an díospóireacht seo againn go bliantúil, ach mar atá ráite agam cheana, tá géarghá go mbeadh dearcadh níos dearfaí ag an Stát agus ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge. Nach aisteach an rud é, mar shampla, go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag dul tríd an Dáil ach is beag cainte atá ann faoi sin sna meáin cumarsáide nó sa chóras polaitíochta féin fiú?

Ceann de na rudaí is tábhachtaí a chaithimid díriú isteach air i gcónaí ná an céatadán sa státseirbhís, i measc oibrithe Stáit, atá in ann agus atá sásta déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge. In ainneoin an méid atá sa reachtaíocht agus in ainneoin na gealltanais ar fad, tá an fhadhb ansin i gcónaí ó a athraíodh an struchtúr agus an dlí san 1970idí. Sa lá atá inniu ann, níl daoine le Gaeilge in ann seirbhís sásúil a fháil trí Ghaeilge agus ba chóir go dtosnódh an Stát mar tá stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. Ba chóir go mbeadh an Stát dáiríre faoi go dtí go bhfuil sé riachtanach ar státseirbhísigh a earcófar go bhfuil Gaeilge acu ag an tús nó ar a laghad go bhfuil scála ama ina gcaithfidh siad leibhéal áirithe feabhas sa Ghaeilge a bhaint amach, ar nós tréimhse promhadh. Ní féidir a rá go bhfuil an córas dílis don Ghaeilge agus dáiríre faoin Ghaeilge.

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaí bóithre, i siopaí gnó agus mar sin. Sin an tábhacht a bhaineann leis na scéimeanna teanga. Má amharcaimid ar an gcuraclam, tá sárobair á déanamh ag na scoileanna Gaeilge, ag na Gaelscoileanna agus ag na múinteoirí uilig. Smaoiním, mar shampla, ar an gcúrsa ábhar oide i Marino agus an baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an-dóchas le feiceáil ansin sa chóras oideachais, agus ba chóir dom a rá go bhfuil sé sin ó Thuaidh agus ó Dheas.

Ag an am céanna, bhí mé ag léamh rud suimiúil inniu a scríobh Éanna Ó Caollaí i The Irish Times agus é ag caint faoin athbhreithniú ar an sraith sinsearach. Luann sé an dá shiollabas nua atá molta don chúrsa Gaeilge don ardteistiméireacht ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA. Tá idirdhealú molta idir shonraíocht T1, a bheadh oiriúnach do dhaoine a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus a bheadh ardchaighdeán acu, agus sonraíocht T2, a bheadh ann dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla. Fiafraíonn Éanna Ó Caollaí an mbeidh sé de dhualgas ar scoileanna an rogha a thabhairt do mhic léinn T1 nó T2 a dhéanamh. Más rud é go mbeidh ábhar nó caighdeán níos lú inghlactha ag an gcuid is mó de scoileanna, an bhfuil an contúirt ann go mbeadh go leor scoileanna ann nach mbeidh ag tabhairt deis do na mic léinn ardchaighdeán a bhaint amach trí Ghaeilge? Sin rud a chuirfeadh isteach orm. Luann sé freisin an chaoi ina mbronntar 25 pointe bónais don mhatamaitic ag an ardleibhéal.

Cén fáth nach mbeadh a leithéid de rud ar fáil chun spreagadh a thabhairt do mhic léinn ardchaighdeán a bhaint amach trí Ghaeilge freisin? Luaigh sé freisin an laghdú atá sa mhéid marcanna a thugtar don scrúdú béil, rud a chuir iontas orm mar shílfinn go bhfuil an scrúdú béil i measc na rudaí is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Mura bhfuil daoine in ann an teanga a labhairt, níl aon todhchaí ag an teanga sin.

Luaigh mé níos luaithe an méid atá á dhéanamh ar leibhéal an chultúir. Tréaslaím le TG4 agus le Raidió na Gaeltachta agus le leithéidí The Irish Times. Léim Alan Titley agus gabhaim ann go rialta agus luaigh mé Éanna Ó Caollaí. Tá daoine ann ag treabhadh an fhóid maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal ardchaighdeáin. Bhí mé an-tógtha an oíche cheana, agus mé ag éisteacht agus ag breathnú ar "Glór Tíre", leis an méid Gaeilge a raibh á fí isteach acu leis an mBéarla. Shíl mé gur bealach é sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc iad siúd a bhfuil ar bheagán Gaeilge, b'fhéidir, nó nach bhfuil an Ghaeilge 100% ar a dtoil acu, díreach mar nach bhfuil sé 100% ar mo thoil agam féin ach an oiread.

Mholfainn cúpla rud eile sa mhéid ama atá fágtha agam. Mar a dúirt mé cheana, mura bhfuil saoránach in ann a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát nó le Roinn an Rialtais, ní fiú reachtaíocht a bheith ann. Tá gá le hathrú meoin ansin lena chinntiú go bhfuil na cearta ag lucht labhartha na Gaeilge. Shílfeá in amanna gur beag suim ná cumhacht atá ag na polaiteoirí ach is iad na státseirbhísigh atá ag cur bac ar dhul chun cinn anseo. Tá súil agam nach bhfuil sé sin fíor. Tá go leor státseirbhíseach a bhfuil meas acu ar an nGaeilge ach tá gá anois le fianaise go bhfuil dul cinn á dhéanamh agus le déanamh.

Sa deireadh, bíodh dul chun cinn sa Tuaisceart maidir le hAcht na Teanga. Táimid ag fanacht leis ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ansin ó Chomhaontú Chill Rìmhinn in 2006. Gealladh reachtaíocht maidir leis an teanga ó shin. Caithfimid dul i dteagmháil leis na haontachtaithe agus a rá leo nach aon chailleadh é cead cultúrtha a thabhairt do lucht na Gaeilge. Caithfimid tabhairt faoi bhealach nua. Mar a dúradh i gcomhaontú na bliana seo caite, Ré Nua, Cur Chuige Nua, ba cheart go mbeadh a leithéid in ann dúinn. Tá sé de dhíth orainn ó Thuaidh agus ó Dheas.

Glaoim ar an Seanadóir Clifford-Lee anois.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Seanadóir O'Loughlin, más féidir, cúig nóiméad agus trí nóiméad an duine.

Tá súil agam go bhfuil an Teach go léir ag baint taitneamh as Seachtain na Gaeilge, nó coicís na Gaeilge faoi mar a dúirt an Seanadóir Mullen. Dar ndóigh, is é inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan agus bhí seans again díriú isteach ar chúrsaí feimineacha inniu agus iad a phlé. Tá cúrsaí Gaeilge á bplé againn faoi láthair agus tá ionannas i gceist freisin.

Tá fáilte roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, go dtí an Seanad. Caithfidh mé a rá go bhfuilim fíorbhródúil as a bheith i mo Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil ag déanamh plé ar ár dteanga dhúchais inniu le hAire Stáit as mo pháirtí féin atá freagrach as an nGaeltacht. Tá forbairt na teanga agus cur chun cinn na Gaeilge mar ghnáth-theanga bheo bhríomhar na tíre ina phríomhaidhm de chuid Fhianna Fáil. Tá na Gaeltachtaí mar chroílár an chothaithe sin agus is tobair iad le saibhreas teanga agus cultúir don chuid eile den tír agus ba chóir dúinn gach tacaíocht a thabhairt dóibh.

Mar is eol dúinn, tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair. Is dul chun cinn suntasach é seo ó thaobh cearta teanga do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge. Tá sé fíorthábhachtach mar bíonn go leor deacrachtaí ag daoine atá ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Molaim an tAire Stáit as an aird a thug sé don reachtaíocht seo a luaithe is a chuaigh sé i mbun oifige. Cuirfear deireadh le go leor constaicí atá ann faoi láthair nuair a achtaítear an reachtaíocht seo. Mar shampla bíonn fadhbanna go rialta ag daoine maidir leis an síneadh fada á úsáid acu agus iad ag déileáil le comhlachtaí Stáit.

Léiríonn sé sin drochmheas iomlán. Baineann an síneadh fada le féiniúlacht. Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid fós ag tarlú ach táimid ag tnúth leis an lá nach mbeidh sé ina fhadhb. Is ceart bunúsach é a bheith in ann d’ainm ceart a úsáid. Tá tionscal na baincéireachta sa tír seo ag ligean phobal labhartha na Gaeilge síos arís agus arís eile. Nílimid in ann ár gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge fiú ar líne. Léiríonn sé sin drochmheas.

Impím ar na bainc atá ag feidhmiú sa tír seo na seirbhísí a sholáthar do líon mór daoine ar mian leo a gcuid baincéireachta a dhéanamh trí Ghaeilge. Impím ar an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus ar an Aire, an Teachta Martin, dul i dteagmháil leo maidir leis an ábhar sin. Níl sé inghlactha a thuilleadh. B’fhéidir go bhfuil deis ann anois, leis an tsamhail baincéireachta pobail atá á phlé faoi láthair, bainc poiblí áitiúla nua a fhorbairt atá sásta seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge.

Tá díomá orm nach bhfuil faisnéis shláinte tábhachtaí maidir leis na srianta agus vacsaíní Covid-19 ar fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla nó ar chor ar bith fiú. Tá sé seo luaite agam cúpla uair cheana féin. Tá súil agam go luafaidh an tAire é sin leis an Taoiseach agus leis an Aire Stáit mar go bhfuil sé scanrúil. Caithfimid freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge ar bhealach dáiríre. Níl aon leithscéal ann i lár paindéime gan a bheith ag cur faisnéise shláinte in iúl go leordhóthanach.

Tá baol faoi leith ann do na Gaeltachtaí ar fud na tíre de bharr Covid-19. Is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad na coláistí samhraidh. Téann breis agus 27,000 scoláire go dtí na coláistí samhraidh gach bliain agus is fiú €50 milliún iad don gheilleagar áitiúil. Dar ndóigh, ní raibh aon scoláirí ann anuraidh agus níl dearcadh dearfach ann don samhradh seo chugainn ach an oiread. Braitheann na ceantair sin ar thurasóireacht freisin. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht iontach do chomhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá a fhios agam gur thug an Rialtas maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta anuraidh agus thug an Rialtas tacaíocht do na coláistí samhraidh agus na mná tí chomh maith, ach tá gá le plean fadtéarmach le haghaidh níos mó infheistíochta chun cosaint a thabhairt dóibh don todhchaí.

Ba chóir dúinn go léir iarracht a dhéanamh táirgí ó chomhlachtaí Gaeltachta a cheannach freisin. Cheannaigh mé buidéal vodca an tseachtain seo caite ó Dhrioglann Loch Measc atá lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo agus bhí sé go hálainn. Bhí gloine nó dhó agam ag an deireadh seachtaine chun seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Críochnóidh mé leis sin. Tá níos mó le rá agam maidir le toghcháin dhíreacha le haghaidh bhord Údarás na Gaeltachta, earcaíocht, ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil, meadú líon na nGaelcholáistí dara leibhéil, stádas na teanga sna Sé Chontae agus mar sin de. Tá mo chuid ama críochnaithe, áfach, agus mar sin fágfaidh mé anseo é.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire go dtí an Teach. Is mór an onóir domsa a bheith ag caint i nGaeilge don chéad uair sa Teach seo mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Ghaelscoil Chill Dara agus Gaelcholáiste Chill Dara. Tá aithne agam ar na múinteoirí sna scoileanna sin agus molaim iad as a tiomantas agus grá dár dteanga dhúchais. Ba mhór liom cloisteáil na daoine óga ag caint faoin nGaeilge.

D'fhoghlaim mé mo bheagán Gaeilge i nDaingean Uí Chúis sa teach tábhairne agus siopa McCarthy. Bhí mé ag smaoineamh go minic ar na fir agus na mná a bhíodh ag bualadh liom an samhradh sin nuair a bhí mé ag obair sa teach tábhairne. Bhí mé ag cleachtadh mo chúpla focal an samhradh sin. Is iad na hagallaimh sin a chur suim ionam sa Ghaeilge. Tá cuimhne bhreá agam ar bhean an tí, Ita McCarthy, agus an céad míle fáilte a chur sí romham agus roimh gach duine a thug cuairt ar theach McCarthy.

Is mór an náire orm nach mbím ag caint as Gaeilge go minic. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Daithí de Faoite, cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, agus a fhoireann mar gheall ar Mheitheal Chill Dara 2021 an Satharn seo caite.

B'shin an dara meitheal faoi phleanáil teanga i gContae Chill Dara. Eagrófar imeacht gach bliain as seo amach. Tugann an meitheal deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga, do sholáthraí seirbhíse agus d'éinne a bhfuil spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge casadh le daoine eile atá ag obair ar son na teanga i gContae Chill Dara. Chuala mé go raibh sé an-mhaith ar fad.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an ráiteas sin, inar luaigh sí an bean an tí a bhí aici agus í sa Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Ní minic go mbíonn Aire agus Aire Stáit againn sa Seanad. B'fhéidir go bhfuil sé ceart agus cóir i gcomhair Seachtain na Gaeilge. Is cúis áthais dom í a bheith anseo le linn Seachtain na Gaeilge chun cothú agus fás ár dteanga dúchais a phlé. Tugann an féile teanga seo deis do dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid agus daoine a spreagadh chun na Gaeilge. Úsáidim an focal "spreagadh" toisc nach féile do lucht líofachta na teanga amháin atá inti ach is féile do lucht an chúpla focal agus do thosaitheoirí freisin í.

Is as Dún Laoghaire mise. Níl Gaeltacht againn ansin ach ag an am céanna tá a fhios agam go bhfuil níos mó daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá ina gcónaí i nDún Laoghaire ná in aon áit eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an ceangal agus an líon sin idir Dhún Laoghaire agus an Ghaeilge an-tábhachtach ar fad dúinn.

D'fhoghlaim mise mo chuid Ghaeilge nuair a bhí mé ar scoil i nGaeltacht Phort Láirge sa Rinn. Chaith mé bliain i gColáiste na Rinne thíos ansin. Bhí seans agam an Ghaeilge a fhoghlaim i dtús báire ach nuair a tháinig mé ar ais go dtí Dún Laoghaire bhí seans agam é a chleachtadh freisin. Bhí mé páirteach sna 8ú Calafort Gasóga Mara i gCuan Dhún Laoghaire a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad. Bhí a lán daoine ann, ina measc mo chairde i gColáiste Eoin, i gColáiste Íosagáin agus i Scoil Lorcáin, agus bhí seans againn Gaeilge a labhairt. Tá na rudaí mar sin an-tábhachtach ar fad do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu nó nach bhfuil Gaeilge acu sa bhaile. Tá sé tábhachtach go mbeadh seans acu an Ghaeilge sin a chleachtadh agus a labhairt.

Tá Scoil Lorcáin i nDún Laoghaire anois freisin. Tá sé ar an gcéad Gaelscoil i nDún Laoghaire ar aon nós agus b'fhéidir taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé ann ó na 1970idí ar aon nós. Tá Gaelscoil nua againn i nGráinseach an Déin freisin, Gaelscoil Laighin. Tá saghas trend ansin le Gaelscoileanna nua. Ag an am céanna, tá eagraíochtaí againn cosúil le Cuala i nDeilginis. Is club Cumann Lúthchleas Gael atá ansin. Léiríonn imreoirí na chumainn sin cé chomh láidir is atá an Ghaeilge i nDeilginis agus Gaeilge á labhairt acu ar GAA Beo ar TG4 srl. tar éis gach cluiche a chraoltar. Tuigim gur fhreastal cuid mór de na himreoirí ar Choláiste Eoin, ar Choláiste Íosagáin agus ar na Gaelscoileanna atá lonnaithe i nDún Laoghaire.

Áit a bhíodh pobal beag Gaelach ann tá pobal mór ann anois a imríonn spóirt as Gaeilge, a labhraíonn Gaeilge agus atá in ann an teanga a úsáid mar theanga beo. Sin rud an-tábhachtach ar fad freisin. Níor chreid an glúin deireanach, a raibh cónaí orthu i nDún Laoghaire, go mbeadh an Ghaeilge chomh láidir ann agus atá sí anois. Táim dóchasach go mbeidh an Ghaeilge níos láidre fós don chéad glúin eile. Cuireann sé gliondar croí orm an méadú a fheiceáil i líon na scoláirí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus an méadú i líon na Gaelscoileanna féin. Is féidir leis na Gaelscoileanna a bheith mar bhunchlocha chun pobal Gaeilge a chruthú.

Ba chóir dúinn go léir a bheith uaillmhianach faoinár gcomhphobail. Cé acu a bhfuil siad taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht, is féidir pobal Gaeilge láidir a chruthú iontu. Ritheadh rún ag ardfheis Chonradh na Gaeilge coicís ó shin ag iarraidh go mbeadh coiste Ghaeilge ag gach comhairle chontae agus go mbeadh oifigeach Gaeilge acu freisin. Is maith an uaillmhian é sin daoine ar fud na tíre a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt le chéile sna pobail ina bhfuil siad.

Bhí seans agam freastal ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leis an Aire nuair a rabhamar ann.

Nuair a toghadh mise mar chomhairleoir den chéad uair in 2009, bhí fear suite i seomra in aice le seomra na comhairle a rinne aistriúchán beo ar aon rud a dúradh i nGaeilge. Bhí seans ag daoine Gaeilge a labhairt agus bhí aistriúchán beo ann d'aon chomhairleoir nach raibh in ann Gaeilge a thuiscint. Nuair a d'éirigh an fear sin as, ní raibh éinne ann chun a áit a ghlacadh agus, mar sin, níl an t-aistriúchán ann a thuilleadh. Mar Rialtas, ba cheart dúinn airgead a chur ar fáil do chomhairleoirí agus do chomhairlí ar fud na tíre chun seirbhís mar sin a chur ar fáil.

Nuair a labhraímid faoin nGaeilge, labhraímid faoin nGaeilge in Éirinn, ach is pobal domhanda é pobal labhartha na Gaeilge. Tá sé sin go mór le feiceáil sna deiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach atá ann sa Bhruiséil. Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais í an Ghaeilge anois agus tá éileamh an-mhór ann d'aistritheoirí chun dlíthe na hEorpa a aistriú go Gaeilge. Tá an Rialtas tiomanta don Ghaeilge a bheith mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is fúinn féin atá sé an sprioc a bhaint amach an Ghaeilge a bheith ar chomhchéim le gach teanga eile san Aontas Eorpach. Bhí mise mar chomhalta de Choiste na Réigiún sa Bhruiséil agus bhí seans agam dul ann ar son na tíre seo. Tá an-seans againn ansin an Ghaeilge a labhairt toisc go bhfuil an t-aistriúchán beo ar fáil againn. Cuireann sé sin in intinn dom fear darb ainm Micheál Ó Conchúir, atá ina ard-rúnaí den ghrúpa, Comhghuaillíocht Eorpach, EA. Déanann sé an-iarracht na daoine a thagann chuig Coiste na Réigiún a spreagadh chun a nGaeilge a úsáid. Ba mhaith liom é sin a lua toisc go bhfuil sé an-tábhachtach ar fad do na daoine atá ag obair ar son na hÉireann sa Bhruiséil an Ghaeilge a úsáid nuair atá an seans acu. Mar a dúirt mé, is fúinn é sin a dhéanamh.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Aire, an Teachta Catherine Martin, as ucht an obair dhian atá déanta aici le dul chun cinn a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá a fhios agam go bhfuil a lán oibre déanta ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, i rith Chéim an Choiste sa Dáil freisin. Beidh an obair atá á déanamh ag na hAirí ina céim mhór chun méid na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Bunófar coiste comhairleach i leith seirbhísí i nGaeilge freisin.

Ba mhaith liom aird a dhíriú ar pholasaí maidir le hÚdarás na Gaeltachta atá sa chlár Rialtas. Tá sé mar aidhm den Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Fáiltím roimh ráiteas an Taoisigh sa Dáil an tseachtain seo caite inar dhearbhaigh sé go bhfuil obair á déanamh ag an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus ag an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun an gealltanas sin a chur i bhfeidhm.

Ba mhaith liom díriú ar an nGaeilge lasmuigh den Ghaeltacht freisin mar is pobal an-oscailte agus an-leathan é pobal na Gaeilge nach bhfuil teoranta d'aon áit amháin sa tír ná ar dhomhan. Is pobal domhanda é pobal na Gaeilge, mar a dúirt mé níos luaithe. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach as an am. Go n-éirí le gach éinne i rith Sheachtain na Gaeilge.

Is ceann de na fadhbanna atá againn sna laethanta seo ná déileáil le Covid. De réir mar a thuigim, tá ráiteas an Aire, an Teachta Catherine Martin, lasmuigh ach ní féidir é a dháileadh go dtí go dtosaíonn sí ag labhairt. Ag an am céanna, níl daoine ag teacht isteach chun scripteanna a dháileadh a thuilleadh. Chiallódh sé sin go mbeidh orainn uilig dul amach chun a ráiteas a fháil agus teacht isteach arís leis an script le linn í a bheith ag caint. Níl a fhios agam an bhfuil aon bhealach timpeall air sin. Tá sé saghas craiceáilte. An féidir leis an Aire cead a thabhairt a ráiteas a dháileadh in am?

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá áthas an domhain orm nach bhfuil ceiliúradh amháin againn inniu ach dhá cheiliúradh - Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá áthas orm, mar urlabhraí na Gaeilge Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuilim anseo chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht inniu.

Is ceiliúradh an-tábhachtach é Seachtain na Gaeilge chun comhrá a bheith againn maidir leis an teanga agus an cultúr agus chun buíochas a ghabháil do na mílte daoine trasna na tíre atá ag obair chun an teanga a fhorbairt agus a choimeád beo. Tógfaidh mé cúpla nóiméad chun na mná atá ag forbairt na teanga trasna na tíre a lua. Tá siad i lár an teaghlaigh agus ag cur chun cinn an teanga sna naíonraí lán-Ghaelacha, sna ranganna scoile agus go háirithe sna Gaelscoileanna trasna na tíre. Tá siad ag obair mar aistritheoirí anseo i dTeach Laighin agus i bParlaimint na hEorpa chomh maith. Tá siad ag obair mar iriseoirí agus i bpoist eile ina bhfuil mná ag obair trí Ghaeilge agus ar son na teanga.

Luaim go háirithe na soláthróirí lóistín atá ceangailte le Coláiste Lurgan i nGaillimh. Tá imní orthu maidir le todhchaí an choláiste. Tá a lán frustrachas ann de bharr an mhoill ag seoladh amach an iarratas pleanála. Tá feachtas mór ar siúl anois agus fuaras beagnach 30 litir ó na soláthróirí lóistín nó na mná agus fir thí. Braitheann siad go mór ar na scoláirí a choinníonn siad gach samhradh ar son an choláiste agus tá siad ag iarraidh míniú anois.

Níl aon amhras ach go mbeidh tír nua an-difríocht againn i ndiaidh Covid. Ní chóir go gcaillfeadh muid na deiseanna chun comhrá agus athnuachan a fháil don teanga, don chultúr agus do na Gaeltachtaí. Inár gcóras oideachais is léir go bhfuil gá mór do na polasaithe tacaíochta don Ghaeilge a bheith ag croí an chomhrá seo. Ba bhreá liom polasaí nua don Ghaeilge, ó naíonra go tríú leibhéal, a fheiceáil ón Roinn Oideachais. Níl aon amhras ach go raibh drochthionchar ar pháistí de bharr an lockdown. Samhlaítear domsa go rinneadh damáiste ar chur chun cinn na Gaeilge sna scoileanna. Deir múinteoirí liom go raibh tionchar mór aige ar scoláirí agus mar sin iarraim ar an Aire Oideachais, an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Aire Stáit na hacmhainní a chur ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc scoláirí bunscoile an samhradh seo. Ba cheart níos mó campaí spóirt trí Ghaeilge nó ranganna eile trí Ghaeilge a bheith ann agus go mbeadh na ranganna nó campaí sin saor in aisce.

Maidir le fostaíocht, tá claochlú mór ar siúl i ndomhan na hoibrithe oideachais seo. Táimid an-chíocrach go mbeadh níos mó deiseanna don obair iargúlta ar fáil agus de bharr sin, bheadh seans níos fearr ann go gcoinneofaí níos mó fostaíochta sna Gaeltachtaí. Bhí ionadh orm nár luadh na Gaeltachtaí sa straitéis maidir le hobair iargúlta a bhí á chraoladh ag an Rialtas cúpla seachtain ó shin. Ba chóir níos mó infheistíochta a dhéanamh in Údarás na Gaeltachta chun obair iargúlta a chur chun cinn.

Tacaím agus gabhaim buíochas leis na grúpaí atá eagraithe trasna na tíre mar Chonradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, Cumann Lúthchleas Gael, agus na grúpaí eile atá ag obair go dian ar son na teanga agus ar son na Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Tá na grúpaí atá ag obair ar son na Gaeilge an-tábhachtach. Beidh ráiteas an Aire ar fáil nuair atá sí ag caint. Ní bheidh sé ar fáil before then. Glaoim ar an Seanadóir Ó Donnghaile.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus an Aire Stáit agus cuirim fáilte rompu. Tá seanfhocal ann i mBéarla faoi bheith ag fanacht ar an mbus agus ansin tagann dhá cheann. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid de sheanfhocal againn sa Ghaeilge. Beidh orm ceist a chur ar mo shean-mhúinteoir Brendy Ó Fiaich fá dtaobh de sin.

É sin ráite agam, agus cé go dtuigim an ghéarchéim Covid, caithfidh mé a rá gur mór an trua atá ann gur ghlac sé chomh fada seo dúinn cúrsaí Gaeilge a phlé anseo sa Seanad. Mar atá ráite ag comhghleacaithe ar fud an Tí, tá a lán de na hábhair seo fá choinne Ghaeilgeoirí agus pobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachtaí, chomh maith. Ba mhaith liom fosta tréaslú leis an méid oibre atá déanta ag Conradh na Gaeilge fá choinne Seachtain na Gaeilge agus mar a dhéanann siad achan uile bhliain. Is cúis cheiliúradh den chéad scoth é agus is é seal dúinn cuimhniú ar an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Dár ndóigh, is é seal fá choinne foghlaimeoirí agus daoine eile atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge úsáid a bhaint as an teanga le linn na tréimhse sin, ach go háirithe.

Caithfidh mé an cheist reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh a ardú. An tseachtain seo caite sa seomra seo, chuala an Coiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ó Chonradh na Gaeilge faoin easpa reachtaíochta a bhí geallta ní amháin ag Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rìmhinn, ach b’fhéidir an ceann is práinní ná an ceann a bhí aontaithe ag New Decade, New Approach. Dár ndóigh, mar chomhshínitheoir don chomhaontú sin, tá ról tábhachtach agus ról lárnach ag an Rialtas anseo i mBaile Átha Cliath chun cinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin curtha i bhfeidhm gan mhoill. Tugadh gealltanas go mbeadh sí curtha i bhfeidhm i gceann an chéad céad lá den Fheidhmeannas nua. Aithníonn an pobal, dár ndóigh mar gheall ar na srianta Covid, go mbeadh moill ar an reachtaíocht sin a bheith curtha i bhfeidhm. Fosta, caithimid ár n-aird agus ár n-obair a dhíriú ar an obair sin atá os ár gcomhair. An fhadhb agus an chodarsnacht atá ann ná go bhfuil cearta agamsa, agus againne atá inár suí anseo, i mBaile Átha Cliath nach mbíonn agam nuair a théim abhaile suas an bóthar abhaile go Béal Feirste arís. Caithfimid an fhadhb sin a réiteach fa choinne gach duine ar fud an oileáin.

Leis sin ráite agam, ba mhian liom cúpla bomaite a chaitheamh ag labhairt faoin chathair dhúchais agam féin, Béal Feirste Cois Cuain. Is é Béal Feirste, ní amháin i mo thuairimse ach déarfainn go cinnte, cúis leis an athbheochan. Tá an Ghaeilge ag fás agus ag dul ó neart go neart an t-am ar fad, fiú in easpa na reachtaíochta atá luaite agam. Tá fás suntasach ann maidir le Gaelscoileanna, grúpaí agus gnóthaí Gaeilge, foireann spóirt trí mheán na Gaeilge, stáisiún raidió agus achan cineál gné de shaol na Gaeilge chomh maith.

Tá ceachtanna le foghlaim ag an Aire agus an Aire Stáit, agus ag an Rialtas anseo óna a bhfuil ag tarlú sna Sé Chontae fosta. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don Aire agus don Aire Stáit, an Teachta Chambers, go háirithe, agus freagracht ar leith aige as cúrsaí Gaeilge. Tugaim cuireadh don bheirt acu cuairt a thabhairt ar an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste leis an fhuinneamh agus an ghníomhaíocht a bhaineann leis an Ghaeilge ansin a fheiceáil dóibh féin.

Cé go bhfuilimid i lár fíoraithe na físe i mBéal Feirste, tá fadhbanna ann fós. Ar na ballaí, chonaic muid ionsaithe ar chomharthaí dátheangacha i gceantar an mhargaidh, áit atá cóngarach do lár na cathrach. Bhí bagairtí scríofa ar bhallaí in oirthear Bhéal Feirste, áit atá cóngarach ina bhfuil mise i mo chónaí, faoin pholasaí nua dátheangach atá glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. Caithfimid cuimhneamh go bhfuil an bhiogóideacht sin ann fós agus tugann a leithéid de Sheachtain na Gaeilge agus an dearfacht a bhaineann léi an seal dúinn a thaispeáint cé chomh maith, cé chomh dearfach agus cé chomh fáiltiúil is atá ár dteanga dhúchais anseo.

Aithním go bhfuil an Bille teanga ag dul tríd an Dáil faoi láthair. Táim ag súil, mar atá mo chomhghleacaithe, é a fheiceáil anseo gan mhoill nuair a bheidh críoch leis sa Dáil. Mholfainn don Aire Stáit, an Teachta Chambers, go háirithe arís, gan fanacht go dtí go mbeadh an Bille tagtha anseo chun teacht ar ais chugainne le cúrsaí Gaeilge a phlé. Mar atá ráite agam cheana, ní chaitheann muid an saol seo againne trí mheán na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge amháin.

Is ábhar é fá choinne achan lá den bhliain. Baineann sé leis an méid sin daoine ó Thuaidh agus ó Theas. Tá sé tábhachtach nach bhfuil muidne srianta anseo i dtaca le cúrsaí Gaeilge a phlé agus nach ndeirimid linn féin gurb í an tréimhse idir 1 Márta agus 17 Márta an t-aon fhuinneog atá againn. Caithfimid a bheith i bhfad níos cruthaithí agus tiomanta don Ghaeilge ná é sin.

Mar atá ráite, is ábhar pobail é ábhar na Gaeilge agus Gaeltachta. Mar a dúirt an Seanadóir Clifford-Lee, tá a lán rudaí gur féidir linn a phlé le linn na ráitis seo. Is é sin an fáth go bhfuilim ag impí ar an Aire agus ar an Aire Stáit, agus dar ndóigh orainn mar Sheanadóirí, a dhéanamh cinnte de go bhfuil níos mó sealanna againn cúrsaí Gaeilge a phlé san áit seo agus glór an phobail amuigh ansin a ardú don Aire agus don Aire Stáit, sa dóigh gur féidir linn uilig a bheith ag obair ar son leas na Gaeilge agus iad siúd a labhraíonn agus a chaitheann a saol trí mheán na Gaeilge.

Glaoim ar an Seanadóir Catherine Ardagh anois.

Roinnfidh mé mo chuid ama le mo chara, an Seanadóir Murphy. Tá an-áthas orm go bhfuil an tAire agus an Aire Stáit anseo inniu agus fearaim fáilte rompu arís go dtí an Seanad. Táimid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan freisin. Bhí díospóireacht iontach againn níos luaithe maidir leis an mbearna pá inscne agus lena lán téamaí eile a bhaineann le mná.

Maidir le Seachtain na Gaeilge, tá a fhios againn go léir go bhfuil sé mar choincheap ag Fianna Fáil an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir a fheiceáil inniu go bhfuil lion mór de bhaill Fhianna Fáil sa Seanad anseo ag caint maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus an méid atáimid ábalta a dhéanamh chun cabhair a thabhairt don chultúr agus don teanga. Caithfidh mé a rá go n-aontaím le mo chara, an Seanadóir Clifford-Lee, maidir leis na Gaelscoileanna agus na coláistí samhraidh. Nuair a bhí mé i mo chailín óg, d’fhreastail mé ar an nGaeltacht i Ráth Chairn agus i Ros Muc agus timpeall na tíre le Coláiste na bhFiann. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil i mBaile an tSaoir. Is iontach agus is aoibhinn liom na gasúir go léir a chloisteáil ag labhairt Gaeilge ar na bóithre i rith na paindéime. Tá a lán breac-Ghaeltachtaí ag méadú sa chathair seo, mar shampla timpeall Scoil Mobhí, Scoil Bhríde agus Gaelscoil Lios na nÓg. Chuaigh mé go dtí Scoil Naithí i mBaile an tSaoir. Tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil, idir ghasúir agus tuismitheoirí.

Aontaím go huile leis an Seanadóir Ward maidir leis na coistí Gaeilge sna comhairlí contae. Ceapaim gur ceart don Aire agus don Roinn tógáil ar an gcoincheap iontach sin.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis an Seanadóir Ardagh. Táim ábalta cúpla focal Gaeilge a labhairt. Is deas an rud go bhfuilimid ábalta díospóireacht a bheith againn anseo sa Teach le linn Sheachtain na Gaeilge, nó b’fhéidir coicís na Gaeilge mar bhí an tseachtain seo caite san áireamh freisin. Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire agus leis an Aire Stáit mar tá na daoine atá anseo ábalta an Ghaeilge a labhairt go flúirseach agus is deas an rud é.

Uaireanta bím ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó le TG4 agus it is wonderful to see both our Minister and Minister of State having such a good command of that language when speaking.

We should acknowledge and recognise that the Taoiseach called for Irish to be placed at the heart of Government business. It is a very strong statement. The Government has increased funding. I know from talking to Julian de Spáinn and others in Conradh na Gaeilge, who do a wonderful job, that they are happy with that.

It may be important to say that fadó fadó - 30, 40 nó 50 bliain ó shin - nuair a bhí múinteoirí ag múineadh na Gaeilge go raibh eagla ar chuid de na daltaí mar go raibh an method mícheart. Ní raibh na múinteoirí mícheart, ach bhí an method mícheart. Ceapaim go bhfuil an method i gceart anois. People are happier with it. Young people are happier to discuss it. Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi fhear amháin, Mícheál Ó Muircheartaigh. Ba mhaith liom ómós a thabhairt dó. He has a wonderful way with the cúpla focal Béarla and the cúpla focal Gaeilge. It means so much to people. Tá múinteoirí anseo. We must admit that some students went through sheer hell down through the years because of Irish. It was a pity and it badly damaged our language. Is cinnte go bhfuil an situation better anois. Tá bealach iontach ag Mícheál Ó Muircheartaigh chun an Ghaeilge a theagasc.

Cuirim fáilte mhór roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Cuirim fáilte roimh an bplé ar an nGaeilge agus an teanga atá ar bun inniu. Tréaslaím le coiste Ghaeilge an Oireachtais as an sárobair atá ar siúl faoi stiúir an Teachta Calleary. Leagann mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ward, béim ar an teanga leis an nGaeilge atá a úsáid aige sa Teach agus go laethúil. Tá bród orm mar gheall ar an obair atá á déanamh ag an Seanadóir Ward. Is linn ar fad an Ghaeilge agus is deis atá ann dúinn ár dteanga, gcultúr agus n-oidhreacht a thaispeáint go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Táimid ag plé na Gaeilge inniu. Mar a dúirt an Seanadóir Murphy, úsáideann Mícheál Ó Muircheartaigh an Béarla agus an Ghaeilge ar bhealach an-simplí, mar shampla le cúpla focal maidir le duine atá páirteach i gcluiche Chumann Lúthchleas Gael nó duine sa slua. Tá aithne ag gach duine ar Mhícheál Ó Muircheartaigh agus na focail a úsáideann sé.

Molaim an infheistíocht sa teanga agus molaim go gcuirfí leis an infheistíocht i gcás na Gaeltachta. Tugtar dún daingean na Gaeilge uirthi agus caithfimid gach tacaíocht a chur ar fáil di.

Molaim an obair sa Ghaeilge agus san oideachas. Tugaim faoi deara gur féidir oideachas trí Ghaeilge a fháil sa réamhscoil, sa bhunscoil, san iárbhunscoil agus sna coláistí. Le blianta beaga anuas, faoi stiúir an Dr. T.J. Ó Ceallaigh agus an Dr. Karen Ní Chlochasaigh, is féidir obair iarchéime trí Ghaeilge a dhéaanamh i gColáiste Mhuire gan Smál. Bail ó Dhia orthu as an obair go léir.

Is am an-tábhachtach é Seachtain na Gaeilge don teanga agus don chultúr. Is fiú smaoineamh ar an obair atá á déanamh ag an iar-Sheanadóir, Labhrás Ó Murchú, ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus ag Gael Linn. Bhí John Creedon ar an teilifís aréir ag déanamh cur síos ar áiteanna an-stairiúla, ar logainmneacha agus, go mór mór, ar an teanga agus an gceol.

It is important that those like Senator Murphy and I, whose Irish is up and down, or it is in my case at least, use their Irish not only during this week but at all times. Bhí an ceart ag an Seanadóir Murphy. Bhí na ranganna sa scoil an-deacair do a lán daoine. Tá brón orm mar gheall air sin ach, mar a dúirt mé, tá ár nGaelcholáistí agus ár gcúrsaí samhraidh inniu lán le daoine óga agus le daoine cosúil liom féin atá ag foghlaim na Gaeilge athuair. Déanaim comhghairdeas leis an iarAire, an Teachta McHugh, as ucht an obair a rinne sé mar gheall ar an nGaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an iarAire, Dinny McGinley, freisin. Gabhaim buíochas leis na hAirí as a bheith anseo inniu. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do gach éinne sa tír. Tá onus ar gach éinne an Ghaeilge a úsáid.

Tá an ceart ag an Seanadóir. Tá beagáinín Gaeilge agus Béarla ag gach duine agus is tábhachtach iad a úsáid gach lá.

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, a d'fhás aníos i mo chomharsanacht féin, agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, a dtagann as Dáilcheantar ina bhfuil mionlach mór ó Chontae an Chabháin. Is cúis áthais faoi leith dom Seachtain na Gaeilge a ceiliúradh agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus sna ráitis thábhachtacha seo. Molaim na scoileanna lán-Ghaelacha agus Conradh na Gaeilge, atá lárnach i Seachtain na Gaeilge. Is cuid bhunúsach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht í ár dteanga. Tá ár litríocht, ár mbéaloideas, ár stair agus ár mothúcháin sáite inár dteanga stairiúil shaibhir. Ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti agus gach iarracht a dhéanamh í a úsáid agus a athfhoghlaim. Rinne an Cathaoirleach agus mo chomhghleacaithe anseo an-iarracht giotaí beaga Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine seo caite. Tréaslaím go mór leis sin agus molaim do na Seanadóirí an Ghaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta ar ócáidí poiblí agus eadrainn féin. Is é sin an rud is bunúsaí. Tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid aon uair gur féidir linn. Ní gá caighdeán ard a bheith againn. Beidh aon duine dea-bhéasach agus oilte tuisceanach linn. Níl aon rud níos tábhachtaí ná an teanga a labhairt, go háirithe dúinn féin atá san Oireachtas.

Tá moltaí eile pearsanta do na hAirí agam agus ba mhaith liom freagraí orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach níos mó daoine óga, agus déagóirí ach go háirithe, a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí ar feadh tréimhse. Fuair mise mo ghrá don teanga agus don chultúr Gaelach i ngleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair mar dhéagóir a bhí ag freastal ar an gcoláiste samhraidh. Ba chóir deontais níos fearr a chur ar fáil. Ba chóir go mbeadh an seans ag gach uile dhuine óg seal a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá iarracht níos fearr an Ghaeltacht a fhógairt sna scoileanna agus béim láidir a chur uirthi riachtanach. Táim lán-chinnte nach bhfuil go leor déanta ag an mbomaite. Tá dul chun cinn agus chun feabhais riachtanach. Tá a fhios againn go bhfaigheann na mná tí deontais agus tacaíocht. An féidir é sin a mhéadú chun go mbeadh sé níos saoire do dhaoine óga dul ann? Ba chóir go mbeadh an tástáil don Ghaeltacht saor in aisce chomh maith.

Is é an dara moladh atá agam ná go mbeadh an-bhéim ar an teanga labhartha i ranganna Gaeilge sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil feabhas tagtha air ach caithfear béim a choimeád air sin.

Is cabhair mhór í an 40% sa bhéalscrúdú san ardteistiméireacht. Ba mhaith liom freagraí ón Aire agus ón Aire Stáit ar stádas agus úsáid na Gaeilge sna ranganna agus sna scoileanna.

Cé go bhfuil meath ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht agus gur trua sin, tá níos mó measa uirthi taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl éinne náireach fúithi anois, cosúil leis an 19ú aois agus tús an 20ú aois. Mar sin, tá seans againn ciorcail chomhrá a bhunú ar fud na tíre. Is féidir leis an Roinn, an tAire agus an tAire Stáit níos mó tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do na ciorcail theanga. Molaim dóibh staidéar a dhéanaimh air sin. Tá feabhas tagtha ar an méid comhlachtaí agus logainmneacha as Gaeilge ar fud na tíre ach ba chóir níos mó a dhéanamh. Molaim don Aire é sin a dhéanamh.

Is fiú agus tá sé riachtanach an méid státseirbhísigh le Gaeilge a mhéadú agus an tseirbhís trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú. Tá mo mhac is óige sa dara bliain in Institiúid Oideachais Marino. Cé nach bhfuil sé páirteach, is iontach an rud é go bhfuil an chéim ar fáil trí mheán na Gaeilge anois. Sa choláiste iontach sin, tá an-bhéim ar an nGaeilge. Tá se sin riachtanach i ngach institiúid oideachais.

Tá fáilte roimh an Aire sa Teach. Sadly, I am one of those people who does not have a fluency in the Irish language but that does not in any way mean I do not have the respect, love and ambition to some day be fluent or at least have a couple of words as Gaeilge. I always had an admiration and love for the language but that was compounded by a former colleague of ours in this House, a great person, former Senator Trevor Ó Clochartaigh from Connemara. He grew up in London and moved to Connemara in his teenage years. He had the most beautiful Irish and it was a joy and a pleasure to sit here for seven years and listen to former Senator Ó Clochartaigh's bilingual tones and the manner in which he delivered his speeches. I used periodically to go for coffee with him in the coffee dock in the days when we could do those things and we would be ag caint a little bit. It was something that did not continue but I know the Houses of the Oireachtas are doing their best to try to improve the Irish language and the spoken word in this House. More could be done. If Members and staff wished to have private tuition, that should be facilitated because it is incredibly important we have the ambition in this House to use Irish.

I am a product of a traditional way of teaching in the schools. Some people were fortunate enough to embrace Irish and learn. Sadly, I was one of those who did not do so and I regretted I did not do so. I would certainly like to have done so. We have seen the evolution of Gaelscoileanna throughout the country. They are wonderful because they are teaching people through the native tongue and teaching young people to love the language in a different way than it would have been done 30 or 40 years ago when the likes of me would have been going to school. The support and funding provided to Gaelscoileanna is right and appropriate but I would like to see as many schools as possible at least embracing the ethos of Gaelscoileanna, and perhaps even a hybrid approach could be taken whereby some classes would be taught completely as Gaeilge and others possibly not.

There is so much more we can do to promote the language. Why should we not do that work? We should do so because it is what distinguishes us, the same way as our traditional Irish music, culture, and dancing are all wonderful parts of us as Irish people and what we are.

The most important element of that, what knits it all together and what makes us truly unique and beautiful as a nation and a people, is our Irish. I embrace Seachtain na Gaeilge and what it is trying to achieve by making Irish more accessible and more used by the general population. Hopefully, as the years go by we will see more and more people at least attempting to converse as Gaeilge. It is a healthy and useful debate and we should not just have it once a year. We should be discussing this at least twice and maybe three times a year.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Tá Gaelscoil, Scoil Uí Cheithearnaigh, i mo bhaile i mBéal Átha na Sluaighe ach ní raibh sí ann nuair a bhí mé ar scoil.

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá sé go deas iad a fheiceáil sa Seomra seo. Is seachtain iontach í seo. Gach bliain cuireann sí in iúl dom cé chomh i ngrá atá mé le mo theanga. Déanaim dearmad uaireanta í a úsáid chuile lá ach le cúpla seachtain anuas táim ag baint triail as níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Mar shampla, bhí mé sa mhargadh in Inis ar an Aoine agus tá fear ann as Cill Chisín, Keith, a bhíonn glasraí órgánacha á dhíol aige. Táim ag ceannach uaidh chuile Aoine le trí bliana anuas. Fuair mé amach an Aoine seo caite go bhfuil an-Ghaeilge aige mar bhí mé ag labhairt Gaeilge le duine eile agus thosaigh seisean ag caint Gaeilge. Tá Gaeilge ag a lán daoine ach tá sí saghas faoi bhfolach. Chuir sé smaoineamh i m’aigne faoin fháinne a athbheochan nó rud éigin. Tá an fáinne airgid agus an ceann óir ann. Má tá an ceann airgid ag duine ní chaithfidh siad a bheith flúirseach, just deir sé go bhfuil grá ag an duine don teanga agus go bhfuil sé nó sí sásta cúpla focal a úsáid. B’fhéidir gur féidir linn rud éigin cosúil leis sin a athbheochan nó smaoineamh air sin mar tá daoine le Gaeilge i ngach áit ach ní bhíonn a fhios ag daoine eile go bhfuil Gaeilge acu. Tá siad sásta Gaeilge briste a úsáid agus deirtear gur fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste. Aontaím go hiomlán leis an abairt sin. Sin an rud a tháinig i m’aigne ar an Aoine. B’fhéidir go bhféadfaimid rud éigin simplí cosúil leis an bhfáinne óir agus an fáinne airgid a athbheochan.

Is sean teanga í ár dteanga. Tá an t-ádh linn go bhfuil sí anseo le 2,500 bliain. Thosaigh sí mar theanga labhartha amháin agus níor scríobhamar í ar feadh cúpla céad bliain. Ar dtús bhí sí labhartha agus ansin tháinig an teanga scríofa ón ogham. Bhí mise ag múineadh Gaeilge uair i meánscoil agus thosaigh mé leis an ogham agus thaispeáin mé do na daltaí nach bhfuil ach 18 litir inár dteanga. Níl sí cosúil leis an aibítir Béarla ar chor ar bith. Sin botún a dhéantar uaireanta. Ceapann daoine go bhfuil an Ghaeilge cosúil leis an mBéarla ar shlí éigin agus bíonn siad ag iarraidh í a léamh nó í a labhairt cosúil leis an mBéarla. Caithfimid a bheith an-chruinn gur teanga i bhfad níos deise í, atá an-difriúil ón mBéarla. Caithfimid é sin a aithint. Bíonn daoine ag iarraidh í a fhoghlaim ach roimhe sin caithfidh siad aitheantas a thabhairt don teanga gur teanga an-difriúil í. Is teanga i bhfad níos deise í.

Thirty-Two Words for Field an teideal atá ar an leabhar nua atá ag Manchán Magan. Tá 30 focal i nGaeilge i gcomhair grá agus tá 50 focal i gcomhair báisteach ach ní aon ionadh é sin. Tá ár dteanga chomh ildaite. Uaireanta, ó fuair mé mo Ghaeilge ó mo chluas, bím ag rá rudaí i nGaeilge agus ansin bíonn orm iad a aistriú go Béarla. Níl sé éasca iad a aistriú mar tá siad chomh hálainn i nGaeilge i slí áirithe. Mar shampla, is saghas term of endearment atá i “mo chuisle”. Literally “my pulse” atá ann ach ní hé sin atá i gceist. Ciallaíonn “mo chuisle” go bhfuil mé chomh i ngrá leis an duine, gur saghas good vibration nó rud éigin atá i gceist. Tá a lán focal álainn cosúil le “mo chuisle” nach bhfuilimid in ann a rá trí Bhéarla.

Is é sin sampla an-bheag amháin. Tháinig sé ón 18 litir agus tháinig na litreacha sin ónár gcrainn, cosúil leis an litir "C" a tháinig ó "coll", an hazel tree, cosúil le Dromcolliher, Droim Collchaille, the back of the hazel wood. Tháinig Cill Dara ó the church of the oak. Dara is ea oak ón litir "D" sa tSean-Ghaeilge. Tá an-saibhreas ann nach bhfuil i mBéarla agus tá sé saghas caillte agus b’fhéidir nuair atáimid ag caint faoin nGaeilge a mhúineadh ba chóir an saibhreas seo a thabhairt léi mar gheall ar na scéalta a bhaineann leis na crainn agus leis na sean-litreacha agus ainmneacha.

Déarfaidh mé le gach duine go gcaithfidh siad an dráma sin, Translations, a scríobh Brian Friel a léamh nó a fheiceáil mar is ceann de na drámaí is fearr riamh é má tá duine ag iarraidh a thuiscint cé chomh tábhachtach is ata an Ghaeilge ó thaobh ainmneacha áite. Tá an scéal ann nuair a tháinig na Sasanaigh chun an colonisation a dhéanamh orainn, agus is píosa tábhachtach den colonisation é mar má tá daoine ag iarraidh nó má bhfuil sé ar intinn acu daoine a tharraingt ón a gceantair, caithfí an-obair a dhéanamh ar na hainmneacha a athrú mar tá an méid sin bainte acu le daoine agus le háit. Mura dtuigeann duine ainm as Gaeilge, níl aon mheas ag an duine sin ar an áit. Mar shampla, má fhéachtar ar Portarlington, is é sin as Gaeilge ná Cúil an tSúdaire, the back of the tannery ach ní bhaineann Portarlington le faic.

An dtuigeann Seanadóir an pointe nuair a chuirtear an kibosh ar rud, nó an caipín bán?

Tuigim an caipín bán nó dul ar lúbán, when someone goes on a bender, ach tá áit i gContae an Chláir darb ainm Bodyke agus tá Lúbán 90 degrees sa bhaile sin. Tá an méid saibhris ann má thuigeann an duine an Ghaeilge. Má tá duine ag taisteal ina cheantar féin nó i gcontaetha eile, tá an duine snaidhmthe isteach ansin leis an áit má thuigeann an duine na hainmneacha. Ceapaim gur rud an-suimiúil é sin atá caillte, b’fhéidir.

Caithfidh mé moladh a thabhairt do na Gaelcholáistí agus do na coláistí samhraidh. Ba bhreá liom go mbeadh an caighdeán ard i ngach ceann acu agus deontas a thabhairt do gach duine i rang a sé chun dul ann mar tá sé costasach. De ghnáth ní bheadh deis ach ag na páistí saibhre dul ann. Tá deontais le fáil i ngach coláiste samhraidh ach ní bhíonn a fhios ag tuismitheoirí faoi sin. Má fhéachaimid ar an mBreatain Bheag nó ar an Eabhrais san Iosrael, is é an rud a rinne siad ann ná daoine a shá isteach i dteanga ar feadh trí seachtaine. Gheobhaidh duine an teanga as sin. Ba bhreá liom deontas a thabhairt do rang a sé agus do chuile pháiste dul ann saor in aisce.

Caithfidh mé moladh a thabhairt freisin do TG4 mar go bhfuil an-jab á dhéanamh aige agus caithfimid níos mó tacaíochta a thabhairt dó. Fiú amháin, maidir liom féin a bhfuil Gaeilge ceart go leor agam, tá na dialects ar fad ann agus níor chóir go gcuirfeadh é sin isteach ar dhuine. Bhí mé ag roinnt tí le cúpla scoláire eile as Dún na nGall, agus bhí siad ag labhairt Ghaeilge Dhún na nGall. Bhí sí go hálainn ach níor thuig mé focal ar bith ar dtús. Tabhair deis duit féin mar má tá duine ag féachaint ar TG4 nó ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus mura dtuigeann an duine gach rud atá ann, caithfidh an duine tógáil go bog agus go réidh air nó uirthi féin, mar tá a lán blasanna áille ann.

Is é an rud deireanach a luafaidh mé ná ba chóir b’fhéidir níos mó ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge sa bhunscoil agus níos mó tacaíochta a thabhairt do na múinteoirí atá ag traenáil chun níos mó féinmhuiníne a bheith acu chun an Ghaeilge a labhairt mar, go huile is go hiomlán, is teanga labhartha í. Gabhaim buíochas agus bain taitneamh as Seachtain na Gaeilge.

Is lá na mná é, a Sheanadóir Garvey. Tá an teanga an-saibhir agus tá an-suim agam in etymology na mbailte freisin. Glaoim ar an Aire labhairt anois.

Táim thar a bheith sásta a bheith leis na Comhaltaí inniu mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun clabhsúr a chur leis an díospóireacht seo. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun labhairt faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan inniu. Tá sé mar phríomhsprioc agam, mar bhall den Rialtas, comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach réimse faoi mo chúramsa. Táim tiomanta do chumasú na mban. Tuigim gur féidir liom cabhrú le glórtha na mban a ardú agus tacú le comhionannas in earnálacha cosúil leis an spórt, leis an gcraoltóireacht, leis na healaíona, leis an scannánaíocht agus ar ndóigh, sa Ghaeltacht.

Agus muid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana, ba mhaith liom gealltanas a thabhairt arís go nglacfaidh mé go fonnmhar le mná i róil cheannaireachta i ngach réimse, agus go dtabharfaidh mé tacaíocht dóibh sna róil sin.

Tá sraith thionscnaimh ghníomhacha ar siúl ag mo Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí sa cheol, sa spórt, sa scannánaíocht, sa chraoltóireacht agus sa Ghaeltacht. Le déanaí, d’ainmnigh mé féin agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ceathrar ban do bhord Fhoras na Gaeilge, mar shampla. Bhí beirt cheapaithe nua, Neasa Ní Chiaráin agus Ola Majekodunmi, i measc na gceapaithe seo. Níos déanaí an mhí seo, labhróidh mé ag ceardlann a reáchtálfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé mar aidhm ag an imeacht seo pobal imirceach na hÉireann a spreagadh chun cur isteach ar cheapacháin bhoird.

Táimid tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh i mo Roinn maidir le comhionannas inscne a chinntiú ar bhoird i réimse an chultúir. Ba mhaith liom go mbeadh an comhionannas seo ar fud na Roinne agus ina cuid gníomhaireachtaí. Go deimhin, is í an Ghaeilge ceann de na rudaí is sainiúla faoinár gcultúr. Táim ag obair leis an Roinn chun saibhreas na Gaeilge a léiriú inár gcuid gníomhaíochtaí cultúrtha go léir. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom an deis a thapú labhairt leis na Baill faoi chuid de na forbairtí spreagúla atá ag tarlú faoi láthair i saol na n-ealaíon Gaeilge a bhfuil baint ag mo Roinn leo.

Léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe sa tír seo go bhfuil grá ag tromlach phobal na hÉireann, agus mise ina measc, don Ghaeilge. Le linn m’óige, chaith mé bliain i gColáiste na Rinne agus tréimhse eile i Ros Muc ag foghlaim na teanga, agus ag titim i ngrá léi. Thug sé seo léargas agus tuiscint dom ar an nGaeilge mar theanga bheo i measc na bpobal Gaeltachta seo. Cuireann sé díomá orm nár éirigh liom dul ar ais go dtí an Ghaeltacht i mo ról mar Aire fós de bharr na paindéime ach tá sé i gceist agam é sin a chur ina cheart a luaithe is a bheidh an dianghlasáil thart. Is linne uile an teanga agus tá an spéis atá ag pobal na tíre inti ag fás an t-am ar fad. Tá sé seo le feiceáil san éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Tá sé le feiceáil chomh maith sa mhéadú ar líon na seirbhíseach poiblí atá ag tabhairt faoi ranganna Gaeilge leis an gcomhlacht Gaelchultúr le cúpla bliain anuas.

Ar ndóigh, ní leor dea-mhéin chun caomhnú na teanga a chinntiú. Tá gníomh ag teastáil agus, mar Aire, tá mise tar éis cúpla gníomh simplí a thógáil le haitheantas a thabhairt don bhorradh atá faoin teanga faoi láthair. D'iarr mé ar oifigigh mo Roinne an Ghaeilge a chur san áireamh mar inniúlacht inmhianaithe agus ceapacháin do gach bord Stáit faoi chúram na Roinne á mbreithniú. Anuas air sin, agus muid ag ullmhú ráiteas straitéise nua na Roinne faoi láthair, d’iarr mé go mbeidh forbairt na Gaeilge sa státchóras mar chuspóir trasghearrtha sa cháipéis.

Is soiléir go bhfuil borradh tagtha ar an bpleanáil teanga le roinnt blianta anuas agus tá na healaíona lárnach sa phróiseas sin. Is í Ealaín na Gaeltachta an eagraíocht is mó a luaitear le cúrsaí ealaíon sa Ghaeltacht. Aithníonn siad na healaíona traidisiúnta, go háirithe an drámaíocht, an scríbhneoireacht, an ceol agus na healaíona béil, mar bhealaí chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá láithreacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an eagraíocht agus naisc aici le heagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre agus le heagraíochtaí atá ag feidhmiú i dtíortha eile ina bhfuil mionteangacha á labhairt. Is comhpháirtíocht í Ealaín na Gaeltachta idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon agus déanann an dá eagraíocht an comhlacht a cómhaoiniú.

Tá áthas orm go bhfuair mo Roinn deis tacaíocht a chur ar fáil don togra Fighting Words a bhunaigh Roddy Doyle chun leagan Gaeilge de a chur ar bun. Is tionscadal teagaisc agus meantóireachta don scríbhneoireacht chruthaitheach saor in aisce é atá á fhorbairt ar fud na tíre do dhaoine óga. Bunaíodh Fighting Words trí Ghaeilge i gConamara in 2019 agus tá sé lonnaithe in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc. Cuireann an tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil ag mo Roinn ar chumas na heagraíochta ceardlanna agus cláir Gaeilge a fhorbairt atá tairbheach do dhaltaí na Gaeltachta.

Mar cheanneagraíocht de chuid Fhoras na Gaeilge, tá Oireachtas na Gaeilge freagrach as deiseanna a fhorbairt a thacaíonn le húsáid na Gaeilge. Is é Oireachtas na Samhna mórfhéile na heagraíochta, agus mar is eol dúinn, ar an drochuair, níor tionóladh Oireachtas na Samhna i nGaillimh anuraidh de bharr na pandéime.

Ba mhór an trua é nach raibh deis againn teacht le chéile agus ár dteanga, ár gceol, ár ndamhsa agus ár siamsaíocht a chleachtadh agus a cheiliúradh ach rinneadh sárobair chun clár leathan imeachtaí a eagrú go fíorúil. Tá súil agam nach fada go mbeidh an fhéile spraíúil seo ar ais ar an bhfód arís mar is é is mó a spreagann muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge le teacht le chéile gach uile bhliain ar mhaithe leis na healaíona teangabhunaithe a léiriú don tír uile.

Tá obair na gcapall déanta ag an gCumann Scoildrámaíochta thar na blianta le páistí a spreagadh ar fud na tíre agus iad ag glacadh páirte sa drámaíocht trí Ghaeilge. Eagraíonn an cumann féilte drámaíochta ar fud na tíre agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna, d’iar-bhunscoileanna agus do chlubanna óige ar fud an oileáin, Thuaidh agus Theas, páirt a ghlacadh iontu.

Mar a fheictear, tá céimeanna dearfacha tógtha chun saol na Gaeilge a neartú agus a shaibhriú ó thaobh na n-ealaíon de. Tá acmhainní suntasacha á gcur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge ar bhonn leanúnach tríd mo Roinn agus trí Ranna agus comhlachtaí poiblí eile agus tá pobail ó cheann ceann na tíre ag obair go dian dícheallach leis an nGaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. De bharr brú ama inniu, níl luaite anseo agam ach roinnt de na bearta atá ar bun. Níor cheart dom dearmad a dhéanamh, mar shampla, ar an obair iontach atá á déanamh ag Foras na Gaeilge chun léamh na Gaeilge a spreagadh agus a fhorbairt. Ní nach ionadh go mbeadh léamh na Gaeilge chomh tarraingteach sin leis an móroidhreacht litríochta atá fágtha ag a leithéid de Mháirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin, Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha, Seosamh Mac Grianna agus Joe Steve Ó Neachtain, a d’imigh ar shlí na fírinne díreach breis agus bliain ó shin.

Tá obair ar bun ag mo Roinn le tamall anois i dtreo straitéis do na healaíona teangabhunaithe a fhoilsiú, straitéis atá á hullmhú ag mo Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara. Táimid ag tabhairt faoin obair seo chun go mbeifear in ann pleanáil níos fearr a dhéanamh chun tús a chur leis na bealaí a d’fhéadfaí breis tacaíochta a thabhairt do na healaíona teangabhunaithe amach anseo.

Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin ach tá mé cinnte de go bhfuilimid ag dul sa treo ceart.

Níl ansin ach blaiseadh d’obair mo Roinne agus eagraíochtaí eile chun an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn in earnáil na n-ealaíon. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teach arís as an deis a thabhairt dom labhairt anseo agus leis na Seanadóirí uile a ghlac páirt sa díospóireacht inniu: na Seanadóirí Mullen, Clifford-Lee, O'Loughlin, Ward, Sherlock, Ó Donnghaile, Ardagh, Murphy, Buttimer, O'Reilly, Conway agus Garvey. Ardaíodh an iliomad cásanna le linn na díospóireachta, ina measc cúrsaí oideachais, an Ghaeilge sa Tuaisceart, cúrsaí craolacháin, na coláistí samhraidh, Údarás na Gaeltachta, cúrsaí baincéireachta, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus ceisteanna eile nach iad. Pléifidh mé iad le mo chuid oifigeach agus tiocfaidh mé ar ais chuig na Seanadóirí áit gur cuí.

Sitting suspended at 6.19 p.m. and resumed at 6.32 p.m.