Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus roimh oifigigh na Roinne atá ina theannta. Glacaim leis go mbeidh imeachtaí an choiste dá theangach, de réir mar is gnách, agus tá córas aistriúcháin ar fáil. Níl an tAire Stáit in ann fanacht linn inniu agus dá bhrí sin, cuirfear an cruinniú ar athló ag 4.30 p.m. Leanfar leis an díospóireacht amárach ag 3.30 p.m. An bhfuil an coiste sásta leis sin? Tá.
Prelude
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An mbeimid ag briseadh le haghaidh Riar na hOibre sa Dáil nó nach mbeimid?
Más mian leis na Baill briseadh, is féidir é sin a dhéanamh. An dtógfaimid sos ag 4.30 p.m?
Is dócha go mbeidh raic thall.
B'fhearr a bheith ann, pé scéal é.
Leanfaimid ar aghaidh leis an díospóireacht go dtí 4.30 p.m. agus cuirfimid an cruinniú ar athló ansin go dtí 3.30 p.m. amárach.