Ba mhaith liom fíorbhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí as an méid a dúirt siad agus an spéis a léirigh siad san obair atá ar bun.
Mar fhreagra ar cheist an Teachta Ó Sé is éard a rinneadh ag tús na bliana ná briseadh síos an t-airgead agus tugadh a liúntas do chuile comhairle chontae le caitheamh i rith na bliana. Seo mar a leagadh amach caiteachas an airgid go bunúsach: £1.5m do Ghaillimh, £1.2m do Thír Chonaill, £1m do Mhuigh Eo, £0.8m do Chiarraí, £0.5m do Chorcaigh, agus má shuimítear iad sin tá súil agam go bhfaightear £5m.
D'fhéadfadh mionathrú a theacht ar sin roimh dheireadh na bliana ach go bunúsach b'in an t-airgead a tugadh le caitheamh do na comhairlí contae.
Níl Port Láirge nó níl Contae na Mí luaite ann, agus chuirfidh an Teachta Ó Sé an-spéis sa mhéid seo. An fáth ná gur síleadh dul ar aghaidh leis an méid sin i dtosach i mbliana. Tá an-chreidiúint ag dul go Comhairle Chontae Phort Láirge go bhfuil an-bhóthar isteach go dtí an Rinn agus go bhfuil príomhbhóthar náisiúnta an-ghar don láthair. Bhí comhráití áfach agam le gairid le Comhairle Chontae na Mí agus Comhairle Chontae Phort Láirge le hiad a thabhairt isteach sa scéim do na blianta atá romhainn agus tá obair ar bun ar sin i láthair na huaire.
Maidir leis an mbliain 2001, £9.5m a bheas curtha ar fáil don bhliain reatha — 1999 — agus mar is eol do na Teachtaí fógraíodh sna Meastacháin le gairid go mbeidh £10m ar fáil sna Meastacháin an bhliain seo chugainn. Mar sin leanfar leis seo, ní amháin ar thaobh na mbóithre straitéiseacha ach freisin leis an gcuid eile den airgead atá ar fáil do fheabhsúcháin Ghaeltachta. Ba mhaith liom a mheabhrú do Theachtaí nuair a tháinig mé isteach sa Roinn bhí airgead breise tugtha ar feadh cúpla bliain ar son ché Oileán Thoraigh. Tá sé sin réitithe anois agus táimid ag leanúint ar aghaidh le scéimeanna straitéiseacha agus beidh deis anois tabhairt faoi oibreacha nua.
Thóg an Teachta Ó Sé ceist maidir leis na daoine atá ag fágáil an Údaráis — seisear atá ag fágáil, tá chuile dhuine acu os cionn trí scór bliain d'aois agus tá siad dáiríre ag fágáil mar go bhfuil siad ag an aois a fhágann daoine eagraíochtaí mar sin. Tá siad ag dul ar pinsean go bunúsach ach ar ndóigh ní ceist domsa cad a dhéanann siad nuair a théann siad ar pinsean.
Caithfimid a rá go ginearálta go bhfuil an-seasmhacht ag baint le foireann an Údaráis. Tá cuid mhaith acu ag obair ann le blianta fada. Taispeánann sé sin nach bhfuil aon imeacht nó éalú ón bhfoireann ach go bhfuilimid tagtha ag an tráth sin go bhfuil go leor daoine ag teacht in aois phinsin.
Maidir le ceist an Teachta Mhic Fhionnlaoich faoi na bóithre straitéiseacha, is iad an Roinn ag deireadh an lae a roghnaíonn iad ach téimid i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla. I dTír Chonaill, bhí an-phlé ann leis an gComhairle Chontae ach thángtas ar shocrú go ndéanfadh an Comhairle Chontae iarratas ar chistiú le haghaidh bóthar Chúl an Earagail agus go bhféadfadh mo Roinn tabhairt faoi bhóithre eile. Rinneadh obair ar riar bhóithre sa Ghaeltacht Lár, Gleann Cholmcille, áit a raibh an-drochbhóthar, Fanad agus na Dúnaibh.
Nuair a fritheadh an t-airgead bhí an bhliain tosaithe agus mar sin bhí orainn plean a cheapadh don bhliain seo amháin. Is féidir liom a dheimhniú go raibh cruinnithe agam leis na comhairlí contae ar fad a bhfuil Gaeltachtaí faoin gcúram le dhá mhí anuas. Tá pleanáil trí bliana ar bun agus chomh maith leis sin tá réamhphleanáil ar bun do na trí bliana ina dhiaidh sin. Tá idirbheartaíocht agus comhphlé ar bun. É sin ráite, is faoin Roinn atá sé na critéir a leagadh síos agus na bóithre a roghnú ag deireadh an lae. Glacaimse freagracht as sin agus sílim go bhfuil pobal na Gaeltachta sásta leis an gcur chuige agus tá súil agam go mbeadh. Bhí slat tomhais an-mhór i gceist sa mhéid is gur thosaíomar ag an bpointe is faide ón lár agus d'oibríomar amach agus an t-údar a bhí againn leis sin ná gur chreid mise go láidir go raibh sé in am ag na ceantair is faide amach deis a fháil ar airgeadh infrastruchtúir. Má thosaíonn tú i gcónaí ón taobh istigh, ón mbaile mór amach, is iad na ceantair atá gar don bhaile a fhaigheann an buntáiste i gcónaí. Feictear dom go bhfuil an-fháilte ag pobal na Gaeltachta roimh an gcur chuige sin.
Sa chomhthéacs sin, tá an-bhéim go deo curtha ar chaighdeán na hoibre — tá caighdeán an-ard leagtha síos don obair agus an-réamhphleanáil á déanamh. Tá a fhios acu cá mbeidh siad ag dul, cén cineál airgid a bheas ar fáil, cé na bóithre a bheas i gceist agus tá deis acu réamhphleanáil a dhéanamh i dtaobh ceannach talún agus gnóthaí eile a bhaineann le dearadh a dhéanamh anois.
Luadh na bóithre náisiúnta agus ar ndóigh tagann siadsan faoin Údarás um Bhóithre Náisiúnta. Luadh an N56 agus d'fhéadfaí an N59 agus an N80 a lua freisin nach bhfuil ar chaighdeán sásúil. Tá siad sa Phlean Náisiúnta ach bheadh súil agam gur ceann de na torthaí a bheas ar chaiteachas an airgid atá beartaithe againne go mbeadh eiseamláir i ngach Gaeltacht den chaighdeán bóthair is féidir le muintir na Gaeltachta a bheith ag súil leis. Tá súil agam go leanfar an dea-shampla atá an Roinn ag tabhairt i gcás bóithre straitéiseacha an chontae agus go bhfeicfear an tairbhe uathu agus go mbeadh an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta sásta teacht leis an gcineál cur chuige sin.
Is eagraíocht neamhspleách iad a gcuireann an Státchiste airgead nach beag ar fáil dóibh agus is ceist dóibh siúd é ag deireadh an lae cad a dhéanann siad.
Tógadh ceist faoi bhóithre portaigh. Tá scéim againn a oibríonn dhá bhealach. Cuirimid £7,000 in aghaidh an mhíle ar fáil do bhóithre portaigh. Ó tháinig mé isteach sa Roinn shíl mé nach raibh an-éileamh ar chuid de na bóithre seo go gcuirfí tarra orthu.Theastaigh ó dhaoine go mbeadh bóthar deas isteach sa phortach acu lena gcuid oibre a dhéanamh. Mheas mé go bhféadfaimis an-obair a dhéanamh ar réimse bóithre portaigh ach airgead réasúnta a chur ar fáil agus b'in an rud a rinne mé iarracht a dhéanamh.
Leis sin caithfidh mé an obair a dhéanamh trí eagraíocht údaraithe — i gcuid de na cásanna déanaimid trí Scéimeanna Fostaíocht Phobail iad, i gcásanna eile trí chomharchumainn. Caithfimid a bheith cinnte i ngach cás go bhfuil scéim cheart ann le hárachas ceart agus cosaint ag an Roinn ar chaiteachas an airgid. Caithfimid a bheith an-chúramach faoi sin.
Luadh na céibheanna freisin agus tá i gceist leanacht le scéim na gcéibheanna beaga. D'éirigh thar cionn leis an scéim sin le cúpla bliain anuas agus tá cuimse oibre déanta sna Gaeltachtaí.
Maidir leis na céibheanna straitéiseacha, bhí obair le déanamh ag na Comhairlí Contae ag forbairt pleananna agus tá siad sin ag teacht chun foirfeachta anois. Tá súil agam gur féidir linn tús a chur le hobair fhisiciúil ar scéimeanna straitéiseacha an bhliain seo chugainn.
Ceadaíodh airgead do ché fuaruisce i dTír Chonaill agus tá an obair tosaithe ar sin. Tá Bun Beag, Tighlinn, na Dúnaibh agus Machaire Rabhartaigh agus Athphort in Árainnmhór ar an liosta mar a dúirt an Teachta. Is é an sprioc atá ann cé straitéiseach a dhéanamh in aghaidh na bliana i gchuile contae. Thart ar £500,000 nó £600,000 a bheas á chaitheamh ag an Roinn ar chaon cheann de na céibheanna sin.
Maidir le céibh Mhachaire Rabhartaigh tá de bhuntáiste ag an gcé sin, ainneoin go bhfuil sé ar an mórthír, go bhféadfaí a rá go bhfuil dhá chaipín ag an gcé. Cé oileánda é d'Inis Bó Finne agus d'Oileán Thoraigh agus freisin is cé mórthíre agus cé Gaeltachta é agus beimid ag breathnú air sa dá chomhthéacs sin.
Is féidir a bheith ag súil mar sin go ndéanfar na céibheanna seo ceann i ndiaidh a chéile. Nuair a bheas cé Mhachaire Rabhartaigh le dul ar aghaidh, breathnófar an cás sin go báúil.
Is athnuachan foirne atá i gceist san Údarás. Níl aon laghdú substaintiúil i gceist ach glacaim leis go bhfuil athrú treo i gceist leis freisin. Tá ceantair áirithe a bhfuil na riachtanais athraithe go mór. Beidh i bhfad níos mó béime ar chúrsaí cultúrtha, tionscail agus teanga agus ar rudaí nua. Caithfear athnuachan a dhéanamh ar threo agus ar chur chuige an Údaráis agus chuige sin d'achtaíomar Bille agus Acht nua Údaráis agus tá bord nua ann ar ndóigh.
Beidh na riachtanais fhoirne ag athrú de réir a chéile agus nuair a bheidh daoine á earcú amach anseo caithfear na cuinsí nua a thógáil san áireamh agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an tÚdarás é sin. Tá obair an-mhaith ar bun acu agus taispeánann siad go bhfuil siad solúbhtha, go dtuigeann siad na toscaí nua agus go bhfuil siad in ann tabhairt faoi na rólanna nua a bheas acu amach anseo.
Deputy Burke raised a number of questions. I answered the first with regard to who has the final decision on roads. The final decision rests with me and the Department. However, the decision is made in consultation with the local authorities.
In relation to Galway, there are basically three strategic roads involved. There is the road from Galway to Leitir Mealáin, or from Leitir Mealáin to Galway, depending on where one lives. The plan takes account of the spur of road that goes to the village of An Cheathrú Rua. There is the road from Carna through Cill Ciaráin, Rosmuc nó Gort Mór, An Screab and into Camus. There is also the road from Carne, Clonbur, Corr na Mona and over the mountain into Maam Cross and Maam. They were the three roads we principally identified for the expenditure of this money. If those roads are completed, the spinal roads in Connemara are brought to standard.
There are many other roads in each county which could be improved. However, I must stress that this is additional money. It frees up other moneys in the local authority to be spent on the remaining roads within the target areas in the county. We have strongly stressed to the local authorities that there is to be no siphoning off of money into other areas. The money must remain within the area in which it would have been spent.
For historic reasons the Irish language survived in areas of poor infrastructure and isolation. In most parts of the country, therefore, one could equate poor infrastructure with the Irish language and the Gaeltacht, given the historic circumstances which gave rise to the language surviving in these areas. They tended to be remote coastal or mountain regions. Over the years we gave these areas the same moneys for infrastructure as other more advantaged and accessible parts of the country so they fell behind. This money is intended to give a boost to providing these areas with a comparative infrastructure.
In Donegal, for example, Fanad, Downings, Gweedore, Cnoc Fola, Gleann Cholm Cille and Gaeltacht Ard are isolated areas. In Mayo there are areas such as Eachléim, Tuar Mhic Éadaigh, An Corráin and Acaill. That continues through Galway and into west Kerry and Cork. Waterford is slightly different in that there is a national primary route through the Gaeltacht. However, there is a need to upgrade the infrastructure within that Gaeltacht. Ráth Cairn in Meath is near the main road but access is poor so we are examining that situation.
I have dealt with the need for planning. We are working with the county councils on three year and six year planning — six year indicative and three year detailed. Each county council has been helpful in providing proposals which we are examining. We are working on that and will make announcements in due course.
In relation to Scéim na mBóithre Áise, this scheme was suspended during the previous Government's term of office and has since been revived. The popular demand for the scheme is incredible. I set myself the limited target of trying to put a decent road to each house in the Gaeltacht. Other small roads have been improved, for example, to piers, graveyards and other locations, but the concentration under this scheme has been on roads to houses, not land.
In 2000 everybody in the country should have a passable road to their house. In many places, some in inaccessible areas, the roads were impassable. Some of these have been expensive to repair but there might be a cluster of two or three houses on a road on which nobody could drive an ordinary motor car. It was time to tackle this problem.
I do not have details of the total number of applications received nationwide. In County Galway the total number was approximately 700 applications since 1998. We scrubbed all old applications and told everybody to reapply. Some of the applications would not be valid for one reason or other, but there is still a huge number of roads.
In relation to the——