Thosaigh aistear na hÉireann go dtí Ballraíocht san AE (nó an t-am sin, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, CEE) blianta fada roimh an 1 Eanáir 1973. Go dearfa, bhí plé nár bheag ann i dTithe an Oireachtais sna blianta roimh an reifreann i mBealtaine 1972
Thíos anseo tá cúig phríomhdhíospóireacht a tharla, le sleachta ó Chomhaltaí Rialtais agus freasúra araon, a léiríonn tuairimí agus ábhair imní éagsúla polaiteoirí ag an am sin. Tá go leor gnéithe den díospóireacht fós ábhartha inniu, go háirithe i bhfianaise na Breatimeachta agus i bhfianaise an phlé leanúnaigh faoi idirspleáchas na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe agus Prótacal Thuaisceart Éireann.
5 Iúil 1961
Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa – Ráiteas ón Taoiseach
“...is é tuairim láidir an Rialtais nach mbeadh sé de leas an náisiúin a bheith ag iarraidh dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa mura socródh agus go dtí go socródh an Bhreatain sin a dhéanamh”.
“Cé gur údar spreagtha iad na féidearthachta, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh air go mbeadh a lán oiriúnuithe radacacha agus pianmhara i gceist.”
1 Lúnasa 1961
An Cómhargadh: Iarratas na hÉireann ar Chomhaltas
Rinneadh an t-iarratas seo i gcomhréir le beartas an Rialtais de réir mar a míníodh é i ráitis roimhe seo agus mar a pléadh sa Teach seo go luath in Iúil i ndiaidh fhoilsiú an Pháipéir Bháin ar Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Creideann an Rialtas go nglactar go forleathan leis an dearcadh atá aige, sna cúinsí atá ag forbairt faoi láthair, gurb é leas náisiúnta bonn leis an mbeartas seo.
“... is saghas iontais dom é ... go bhfuil na daoine sin, a shéan an togra simplí eacnamaíochta sin chomh láidir agus chomh tréan sin le cúig bliana is fiche anuas, tar éis dul tríd an iompú seo le dhá mhí anuas agus a neamhleanúnachas seafóideach agus tragóideach á nochtadh”.
- Léigh na hóráidí go léir sa díospóireacht
- Léigh an Páipéar Bán ar Bhallraíocht CEE a d’fhoilsigh an Rialtas in Iúil 1961.
25 Iúil 1967
“Dúradh arís agus arís eile, uaireanta ar bhealaí éagsúla, nach bhfuil aon rogha againn agus mé théann an Bhreatain isteach, rachaimidne isteach, nach bhfuil aon saoirse againn. Léirítear leis seo ár spleáchas ar an mBreatain Mhór, tar éis 45 bliana den pháirtsaoirse, mar a ghlaoimid uirthi. Níl aon rud déanta againn le fáil réidh leis an spleáchas airgeadais agus eacnamaíochta seo—is mór an náire dúinn é—le 45 bliana anuas.”
“Dúradh arís agus arís eile, uaireanta ar bhealaí éagsúla, nach bhfuil aon rogha againn agus mé théann an Bhreatain isteach, rachaimidne isteach, nach bhfuil aon saoirse againn. Léirítear leis seo ár spleáchas ar an mBreatain Mhór, tar éis 45 bliana den pháirtsaoirse, mar a ghlaoimid uirthi. Níl aon rud déanta againn le fáil réidh leis an spleáchas airgeadais agus eacnamaíochta seo—is mór an náire dúinn é—le 45 bliana anuas.”
“I mór-chomhthéacs na hEorpa tá Comhphobal eile níos mó ag teacht chun cinn ar dóigh linn gur cheart dúinn a bheith ann. Idéal is ea is inspioráid don Chomhphobal ciníocha seo, idéal a mheall tíortha glacadh le srianta ar a saoirse féin chun gnímh. Is é atá san idéal seo ná Eoraip aontaithe, láidir ó thaobh na heacnamaíochta de agus ina tionchar láidir ar son na saoirse. Is gá méid áirithe ceannasachta a roinnt chun beatha a thabhairt don Chomhphobal agus chun an cumas a thabhairt dó fás i rud éigin níos mó ná iomlán a chuid páirteanna”.
21 Márta 1972
“Inniu táimid inár seasamh ag uair chinniúnach ríthábhachtach inár stair. Cinnfidh an bóthar a ghabhfaimid ní hamháin todhchaí ár dtíre ar feadh na nglúine le teacht, ach chomh maith leis sin an méid a dhéanfaimid chun cabhrú Eoraip a chruthú a bheidh sách maith le haghaidh idéil bhunaitheoirí an Chomhphobail.”
“Do thír atá chomh lag leochaileach linne, tír atá fós ag streachailt i dtreo náisiúntachta... nárbh fhearr dúinn ár gcuid roghanna a choinneáil oscailte, agus dul isteach sa Chomhphobal má fhorbraímid go maith agus má fhorbraíonn siadsan go maith? Tá an méid atá á dhéanamh anois againn do-chúlghairthe i ndáiríre, mura bhfuil de réir dlí. Go cinnte, is é an chosaint is mó a bheadh ar leas náisiúnta ná seasamh láidir ó thaobh na cosanta, atá cáiréiseach faichilleach, seasamh lena mbaineann clár comhardaithe a chur i dtoll a chéile de na buntáistí agus na míbhuntáistí le haghaidh na gcaidreamh éagsúil féideartha go léir, lena mbaineann taifead a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí—tá siad araon ann—a bhaineann le comhaontú comhlachais i gcomparáid le comhaltas iomlán?”
Reáchtáladh reifreann ar an 10 Bealtaine 1972 (an Tríú Leasú ar an mBunreacht) chun a cheadú d’Éirinn dul isteach sna Comhphobail Eorpacha. Faomhadh an reifreann de 83%-17% agus shínigh an tUachtarán Éamon de Valera ina dhlí é ar an 8 Meitheamh 1972.
25 Deireadh Fómhair 1972
Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 An Dara Céim.
“Creidim gur cabhair an-dearfach é dul isteach san Eoraip i dtreo athaontú mhuintir na hÉireann. Is é athaontú na ndaoine atá tábhachtach, ní aontas críche. Tá an méid atá á dhéanamh againn inniu ina chabhair ríthábhachtach i dtreo na forbartha sin.“
“Ceapaim gur cheart cibé féidearthachtaí atá ann mar gheall ar rannpháirtíocht sna Comhphobail le haghaidh caidreamh níos fearr agus níos dlúithe idir an Tuaisceart agus an Deisceart [na hÉireann] a fhiosrú agus tá sé fíor, ar ndóigh, go gcuirfear go mór leis an dlí coiteann, dlí atá i gcoiteann ó thuaidh agus ó dheas anseo, mar gheall ar an mBille seo agus an Bille comhfhreagrach sa Ríocht Aontaithe, agus is rud dearfach é sin, más féidir linn a cheist a chur i bhfóram níos leithne, í a bhaint amach as an achrann caol cúng, féadfaidh dóchas éigin a bheith ann san fhadtéarma anseo.”
“Ní féidir linn glacadh le moladh an Taoisigh go mbeidh sé sásúil do Chomhaltaí an Tí úsáid a bhaint as an ní a nglaonn sé nós imeachta Parlaiminteach chun beartais, cinntí agus gníomhartha an Chomhphobail Eorpaigh a rialú, tionchar a imirt orthu nó iad a threorú, sa mhéid is go mbaineann siad leis an tír seo. Ní bheidh sé sásúil ach oiread díospóireacht bhliantúil a bheith againn ar ghníomhaíocht reachtaíocht arna déanamh ag Airí más é a bheidh sa díospóireacht bhliantúil ná faomhadh gan cheist á thabhairt ag an Rialtas ...”
“Is forbairt í a bhfuil fáilte roimpi go bhfuilimid ag dul isteach san Eoraip. Chreid mé i gcónaí gurbh é an fhadhb is mó atá againn gur cine sinn a bhreathnaíonn isteach. Eascraíonn a lán de na deacrachtaí a tharlaíonn faoi láthair i dTuaisceart na hÉireann ón fhíric seo. Táimid chomh tógtha sin faoi na difríochtaí measartha beag sin atá ann idir na pobail éagsúla ar an oileán seo go bhfuil siad méadaithe as cuimse againn agus is mar gheall ar an méadú seo ar dhifríochtaí bídeacha cruthaíodh an doirteadh fola agus cruatan go léir seo atá ag tarlú i dTuaisceart na hÉireann.”