Mar a d'fhógair mé le déanaí, táim chun coiste comhairleach na Gaeilge a bhunú go luath agus tá súil agam baill an choiste a ainmniú roimh an Cháisc. Caithfidh an Stát, agus na heagrais a oibríonn leis an Státchóras ar son na Gaeilge, fís agus plean praiticiúil a bheith acu a aithníonn na tosaíochtaí atá ann don Ghaeilge sa Stát. Is é an ról a bheidh ag an gcoiste comhairleach ná comhairle a thabhairt dom maidir le:
—inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain a réiteach don Ghaeilge sa Stát le spriocanna réalaíocha;
—na tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát;
—na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus
—na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na hoibre sin.
Ag éirí as seo, tá súil agam go mbeadh cur chuige comhtháite i measc na bpríomheagraíochtaí pobail agus Stáit atá ag plé le cur chun cinn na Gaeilge.
Ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil sé i gceist agam go gcuirfidh coiste comhairleach na Gaeilge le fiúntas na hoibre atá ar siúl ar son na Gaeilge, agus ní a mhalairt agus go mbeidh cuireadh a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge a bheith ar an gcoiste.