Ar dtús, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil an fhreagracht ar Údarás na Gaeltachta maidir le diúscairt a mhaoine féin, faoi réir rialacháin an Stáit agus na hEorpa.
Sa chás áirithe seo, bunaithe ar an eolas is deireanaí atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta dom, tuigim go bhfuarthas 11 tairiscint i leith thithe saoire Eanach Mheáin. Cuireadh luach gach ceann díobh os comhair bhord an údaráis ag a chruinniú ar 20 Feabhra 2004 chomh maith le heolas breise faoin trí thairiscint ab airde, lena bpleananna gnó san áireamh. Ag an gcruinniú sin, chinn bord an údaráis, faoi réir tuilleadh soiléirithe, tairiscint a roghnú nárbh í an ceann is ísle í.
Sna cáipéisí tairisceana a eisíodh don chomórtas, leagadh béim ar na tithe a reachtáil mar thithe saoire ar mhaithe leis an nGaeltacht. Deirtear sa réamhrá "I gcomhthéacs fheidhmeanna reachtúla Údarás na Gaeltachta sé príomhfhócas an phróisis tairisceana atá leagtha amach sa cháipéisíocht seo ná tithe saoire Eanach Mheáin a dhíol le duine/dream a bheidh in ann tithe saoire Eanach Mheáin a cheannach agus a reachtáil mar bhaile saoire Gaeltachta, agus fostaíocht agus tithe saoire a chur ar fáil sa Ghaeltacht". Chomh maith leis sin, bhain ceann de na coinníollacha le cúnant go ndéanfar iarracht daoine le Gaeilge líofa a fhostú agus go dtabharfar áit shuntasach don Ghaeilge i bhfógraíocht, ar chomharthaí, ar fheithiclí agus ar stáiseanóireacht.
Tá sé curtha in iúl ag an údarás go ndearnadh luacháil ar na tairiscintí ar bhunús na gcuspóirí a leagadh amach sna cáipéisí tairsceana, chomh maith le praghas.
Mar a chuir mé in iúl don Teachta san bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 592 ar 23 Márta, bhí an t-ábhar seo le plé tuilleadh ag Údarás na Gaeltachta ag cruinniú Boird ar 26 Márta 2004. Ag an gcruinniú sin, chinn bord an údaráis deireadh a chur leis an bpróiseas tairisceana agus an mhaoin a chur ar ais ar an margadh ag dáta éigin amach anseo.