Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 7 April 2004

Wednesday, 7 April 2004

Ceisteanna (184, 185, 186, 187, 188)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

187 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid uair atá an coiste idir-rannach maidir le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach tar éis bualadh le chéile ó bunaíodh é; cén uair a bhuaileadar le chéile agus cé a bhí ag an gcruinniú; cad é toradh an phlé sin; agus cén fáth nach bhfuil na heagraíochtaí agus baill thofa Thithe an Oireachtais á gcoimeád ar an eolas maidir leis an bplé sa choiste go dtí seo. [11089/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

188 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé hiad na baill den choiste idir-rannach maidir le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach; an bhfuil sé i gceist go mbeidh ionadaithe ó na heagraíochtaí deonacha nó ó Fhoras na Gaeilge mar bhaill den choiste nó fiú ag suí isteach ar na cruinnithe. [11090/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

189 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta tuairisc a thabhairt ar cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag an gcoiste idir-rannach maidir le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. [11091/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

190 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an fíor nár bhuail an coiste idir-rannach maidir le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach le chéile ach uair amháin ó bunaíodh é seacht seachtain ó shin; agus cad iad na céimeanna a ghlacfaidh sé le fuadar a chur faoina chuid oibre. [11092/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

191 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist miontuairiscí chruinniú an choiste idir-rannach maidir le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a scaipeadh ar na hurlabhraithe agus na heagraíochtaí atá ag cur na Gaeilge chun cinn. [11093/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 187 go dtí 191 go huile le chéile.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 114, 178 & 183 ar 9 Márta 2004 maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Mar a cuireadh in iúl san fhreagra sin, agus mar a dúirt mé arís le linn na díospóireachta le déanaí sa Teach seo faoin gceist, tá grúpa oibre bunaithe ag an Rialtas chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh. Bhí trí chruinniú ard-leibhéil ag an ngrúpa oibre seo go dtí seo agus beidh cruinniú eile ann ar 15 Aibreán 2004.

Toisc gur bunaíodh an grúpa oibre chun comhairle a ullmhú don Rialtas, níl sé i gceist go mbeidh cruinnithe an ghrúpa oscailte d'ionadaithe eile nó go bhfoilseofar miontuairiscí. É sin ráite, bhí cruinniú amháin go dtí seo idir ionadaithe ó mo Roinn féin agus ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an gceist a phlé agus tá sé i gceist go gcasfar leo arís go luath ach cruinniú an ghrúpa oibre ar 15 Aibréan a bheith thart.

Faoi mar is eol don Teachta, is ar an Rialtas atá an fhreagracht cinneadh a dhéanamh ar an gceist seo — tar éis an taighde agus an anailís chuí a bheith déanta — agus ní ar an ngrúpa oibre. Ar an mbonn sin, agus ag cloí le nósanna imeachta an Oireachtais, ní dóigh liom gur ceart dom sonraíocht maidir le hainmneacha na n-oifigeach a lua ar thaifead an Tí.

Táim lán-sásta go bhfuil dul chun cinn fiúntach á dhéanamh ag an ngrúpa oibre agus go mbeifear in ann dul thar n-ais chuig an Rialtas le moltaí dea-bhreithnithe in am tráth. Níl sé i gceist agam, mar sin, a thuilleadh a rá faoi na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar an obair seo go léir go dtí go mbeidh tuairisc réitithe ag an ngrúpa oibre agus scrúdú iomlán déanta uirthi.

Barr
Roinn