Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Suíomh Scoile.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 May 2004

Tuesday, 18 May 2004

Ceisteanna (193)

Dinny McGinley

Ceist:

207 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le suíomh úr a lorg do scoil úr i nGort a’ Choirce i nDún na nGall. [14454/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas faighte ag mo Roinn ón mBord Bainistíochta i Scoil Náisiúnta Gort a' Choirce maidir le breis cóiríochta a chur ar fáil agus athnuacan a dhéanamh ar an bhfoirgneamh mar atá. Tá mo oifigigh i gcomhfhreagras le húdaráis na scoile ag féachaint ar an chaoi is fearr chun tabhairt faoi chóiríocht fhadtréimhseach na scoile a fheabhsú.

Nuair a chuireas an Scéim Tógála Scoile 2004 i gcló, chuireas in iúl go mbeadh mo stráitéis i dul chun chinn bunaithe ar dáiliú ilbhliantúil i fuilleamh caipitil. Tá mo oifigigh ag déanamh athbhreithniú ar na tionscnaimh uile nach bhfuil údarás tógála faighte acu go fóill mar cuid de Scéim Tógála Scoile 2004, chomh maith le tionscnaimh maidir le seilbh a fháil ar láithreán, le súil go mbeidh siad san áireamh mar cuid de fheachtas ilbhliantúil tógála scoile 2005 agus táim ag súil go mbeidh ar mo chumas breis eolais a fhógairt faoi'n gnó seo le linn na bliana.

Cuirfear an t-iarratas ó Scoil Náisiúnta Gort a'Choirce, Co. Dún na nGall san áireamh sa chomhthéacs seo.

Barr
Roinn