Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fógraíocht Ranna.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 25 May 2004

Tuesday, 25 May 2004

Ceisteanna (60, 61, 62)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

77 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil comórtas i gceist i roghnú an nuachtáin náisiúnta Gaeilge ina gcuirfear fógraí Stáit ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. [15133/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

78 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta conas a chinntear fógraí Stáit óna Roinn a chur i nuachtán amháin thar nuachtán eile; an raibh an nuachtán san áireamh sa liosta nuachtán náisiúnta Gaeilge as ar roghnaíodh Foinse le haghaidh fógraí. [15148/04]

Amharc ar fhreagra

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

79 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta cad é luach na bhfógraí Stáit a cuireadh sa nuachtán Foinse in 2003. [15163/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 77, 78 agus 79 le cheile.

Bronann Coimisinéirí na hOibreacha Poiblí, ar son na Roinne Rialtais go léir, an conradh fógraíocht Stáit sna nuachtáin náisiúnta, tar éis comórtas. Faoi láthair, tá an conradh le comhlucht fógraí Brindleys.

Le cinntiú an tuairisciú is fairsingeach, agus dár gcustaimeirí ar fud na tire go háirithe, is é an cleachtadh sa Roinn, fógraí a chur sna nuachtáin náisiúnta laethúil agus sa nuachtán Gaeilge Foinse. Go dtí seo níor chuirtear fógraí sa nuachtán , ach beidh an ábhar faoi athbhreithniú.

Is é €13,985 luach na bhfógraí Stáit a chuir mo Roinn sa nuachtáin Foinse i 2003 agus chuir an Chúirt Saothar luach €3,630 ann san am chéile.

Barr
Roinn