Tá rud amháin aisteach. Bíonn an Fhreasúra ag casaoid má fhógraíonn an Rialtas rud a fhógraítear gach uile bhliain gur fógra toghcháin atá i gceist. Anois, tá ball den Fhreasúra ag tabhairt amach nach bhfuil mé sásta an córas a bhriseadh de bharr go bhfuil toghchán ar siúl. Leanfaidh mé agus cuirfear an tuarascáil faoi bhráid an Rialtais. Ansin tógfar cinneadh cén chaoi le dul ar aghaidh. Ní dheifreofar mise san obair seo. Déanfaidh mé í le stuaim agus ar mhaithe leis an nGaeilge.
Is ceist do na Gaeilgeoirí é cén breithiúnas a dhéanfaidh siad. Ceapaim féin go mba cheart do Ghaeilgeoirí an-bhreithiúnas a thabhairt don Rialtas seo mar tá go leor rudaí déanta. Tá Acht teanga achtaithe, rud nach ndearna aon Rialtas cheana, agus tá go leor scéimeanna nua curtha ar bun. Táimid ag breithniú an cháis seo ach sin ceist do Ghaeilgeoirí. Is ceist domsa, mar Ghaeilgeoir agus mar dhuine a bhfuil spéis aige sa Ghaeilge, agus don Rialtas, a bhfuil spéis aige sa Ghaeilge, an rud is fearr a dhéanamh ó thaobh na tíre agus ó thaobh na Gaeilge de. Bíodh an Teachta cinnte go ndéanfar sin.