Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Ranna.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Ceisteanna (10)

Dinny McGinley

Ceist:

10 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas breise ar fáil chun na bearnaí faoi ché úr Chladach na gCaorach i gCill Chártha a líonadh sula bpléascann an taoide an píosa úr. [16782/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (3 píosaí cainte)

Tá deontas feabhsúcháin ceadaithe ag mo Roinn i mbliana do Chomhairle Chontae Dhún na nGall faoi scéim na gcéibheanna beaga sa Ghaeltacht don chéibh atá luaite ag an Teachta. Costas iomlán de €120,000 atá i gceist, €90,000 ó mo Roinn féin agus €30,000 ón gComhairle Contae. Ciallaíonn an deontas seo go mbeidh an chomhairle in ann leanúint leis na hoibreacha ar an chéibh seo a tosaíodh i 2003. Is dóigh liom go bhfeileann sé sin leis an gceist a d'ardaigh an Teachta.

Go raibh maith ag an Aire as ucht an fhreagra. An mbeidh go leor airgid ann chun an jab a chríochnú ansin?

Sin na meastacháin a fuaireamar don obair. Ta riail an-daingean agam faoi na rudaí seo. Muna déantar cás soiléir cén fáth nach raibh an meastachán dóthaineach, fágtar an dualgas ar an gcomhairle contae an obair a chríochnú laistigh den mheastachán.

Caithfidh mé a rá go bhfuil togha oibre déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le deontais ón Roinn le blianta beaga anuas agus tá an-mhuinín agam as, i dtaobh na hoibre a dhéanann an comhairle.

Barr
Roinn