Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Ceisteanna (55)

Fergus O'Dowd

Ceist:

47 D’fhiafraigh Mr. O’Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin dul chun cinn atá déanta ag Foras na Gaeilge. [16642/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is í aidhm Fhoras na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Bunaíodh Foras na Gaeilge ar 2 Nollaig 1999 faoi Chaomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta. Tugadh na cúraimí a bhí ag Bord na Gaeilge ag an am sin don bhforas agus, chomh maith le sin, tugadh réimse leathan feidhmeanna dó chun cur lena éifeacht i gcur chun cinn na Gaeilge — mar shampla, i gcúrsaí oideachais. Tugadh na feidhmeanna a bhí ag an nGúm maidir le foilsitheoireacht agus ag an gCoiste Téarmaíochta maidir le forbairt téarmaíochta don bhForas chomh maith. Faigheann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ó mo Roinn féin agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh.

Tá clár oibre leathan ar siúl ag Foras na Gaeilge d'fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Ina measc sin, tugann Foras na Gaeilge bun-mhaoiniú do 15 eagras Gaeilge agus maoinítear raon leathan mór-thograí agus mion-tograí ar fud an oileáin freisin. Ina theannta sin, tá an Foras i mbun Thionscadal an Fhoclóra nua Béarla-Gaeilge. Tá láithreán greasáin nua á bhunú ag Foras na Gaeilge, www.gaeilge.ie, a bheidh mar phointe teagmhála agus mar fhoinse eolais don saol mór maidir leis an teanga.

Tuigim ón bhforas go bhfuil páirtnéireacht fhiúntach ag feidhmiú anois idir an Foras, na húdaráis áitiúla, eagrais sna réimsí craolacháin, An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus eagrais sa saol gnó. Molaim é sin agus tá súil agam go mbeidh tuilleadh comhpháirtíochta idir an Foras agus eagrais eile amach anseo ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Tá dlús á chur i láthair na huaire le comhoibriú idir Foras na Gaeilge agus mo Roinnse maidir le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe agus táim ag súil go mbeidh an foras ag díriú ar seo mar cheann dá phríomh-thosaíochtaí sa tréimhse atá romhainn.

Le tamall de mhíonna anuas, tá eochair-phostanna áirithe á líonadh ag an bhForas, go hairithe sa réimse corporáide agus airgeadais, agus beidh mo Roinn féin agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh ag obair go gníomhach leis an bhforas d'fhonn cur lena hacmhainn agus lena héifeachtúlacht amach anseo.

Barr
Roinn