Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Arts Funding.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 June 2004

Thursday, 3 June 2004

Ceisteanna (68)

Trevor Sargent

Ceist:

61 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé cur síos ar a phlean chun eagras neamhspleách a bhunú le cláir phopcheoil i nGaeilge a chur ar fáil. [16839/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom a rá ar dtús gur ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha atá an cúram faoin gceist ghinearálta maidir lena leithéid de sheirbhís a bhunú ar bhonn náisiúnta. Tháinig an cheist seo chun tosaigh ar dtús i gcomhthéacs Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus rinneadh plé ar an ábhar ag an gCoiste Comhairleach a bhunaigh mé chun comhairle a chur orm maidir le cur i bhfeidhm mholtaí an Choimisiúin. Bhí comhráití neamhfhoirmeálta le Coimisiún Craolacháin na hÉireann freisin. Ba léir, de thoradh na gcomhráití sin, go mba ghá an cheist uile a scrúdú go cúramach sula ndéanfaí cinneadh faoin a leithéid de sheirbhís a bhunú. Is mian liom a dhearbhú, áfach, go mbeidh mo Roinn sásta comhoibriú feadh a cumais leis na páirtithe uile ó thaobh sheirbhís shásúil raidió a bheith ar fáil i nGaeilge don aos óg.

Question No. 62 answered with QuestionNo. 29.
Barr
Roinn