Faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais (1998), bunaíodh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i Mí Márta 2002.
I measc feidhmeanna na Comhairle deirtear: Alt 31 — (1) (a) (i) "Bunóidh an tAire comhlacht daoine chun soláthar téacsleabhar agus áiseanna d'fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomheagrú".
Forbraíodh Plean Straitéiseach don Chomhairle i 2003 agus tá sé mar sprioc ag an gComhairle plean soláthar comhordaithe a fhorbairt. Tá iniúchadh déanta ar an soláthar atá ar fáil agus sainiú déanta ar na riachtanais. Tá comhchoiste le teacht le chéile go luath ar a mbeidh ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; Foras na Gaeilge/An Gúm; Údarás na Gaeltachta; An tÁisaonad agus an Chomhairle le tús a chur le plean soláthar.
Is iad Foras na Gaeilge (an ghníomhaireacht teanga) agus Gníomhaireacht na hUltaise (Tha Boord o Ulstèr-Scotch) an dá chuid den Fhoras Teanga, an comhlacht teanga Thuaidh/Theas, ceann de na comhlachtaí forfheidhmithe a bunaíodh faoi théarmaí Chomhaontú Bhéal Feirste. Is foras trasteorainn é Foras na Gaeilge a bhfuil forbairt na Gaeilge, an ghaelscolaíocht ar oileán na hÉireann san áireamh, mar chúram aige. I measc na freagrachtaí i leith an oideachais atá air tá: Measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní atá ann d'oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge, ina measc sin, soláthar sásúil téacsleabhar, ábhar agus acmhainní teagaisc: Ról na Roinne Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an nGúm Bunaíodh An Gúm i 1926. Ba chuid den Roinn Oideachais é go dtí gur bunaíodh na forais thrasteorann i mí na Nollag 1999 agus is cuid d'Fhoras na Gaeilge ó shin é. Sa lá atá inniu ann is ag plé leis an bhfoclóireacht, le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile agus le hábhar léitheoireachta don aos óg is mó a bhíonn An Gúm.