Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas na Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 July 2004

Thursday, 8 July 2004

Ceisteanna (342)

Trevor Sargent

Ceist:

342 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén toradh atá ar obair an ghrúpa oibre a bunaíodh chun ceist stádas na Gaeilge san AE a chur chun cinn tar éis dó a rá leis sa Dáil ar leis 3 Meitheamh 2004 go mbeadh an cheist seo faoi bhráid an Rialtais go han-luath. [20930/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 1 ar 3 Meitheamh 2004. Mar a cuireadh in iúl sa fhreagra sin, tá obair an ghrúpa oibre a bunaíodh chun anailís a dhéanamh ar an méid gur féidir a bhaint amach agus na féidearthachtaí atá ann chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach críochnaithe anois. Déanfar dearcadh an Rialtais i dtaobh na ceiste seo a fhógairt in am tráth.

Barr
Roinn