Faoi réir alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979, arna leasú ag alt 1 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999, caithfear toghcháin a reachtáil, de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana agus sé mhí. Tá sé i gceist agam an chéad toghchán eile a reachtáil i mí Aibreáin 2005.
Maidir leis na hathruithe eile atá luaite ag an Teachta, is féidir liom a chinntiú nach bhfuil aon ní beartaithe agam ag an bpointe seo. Agus an méid sin ráite, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh moltaí sonracha os mo chomhair ar ball mar thoradh ar an scrúdú atá ar bun ag mo Roinn ar na riachtanais chun saincheisteanna a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis a shoiléiriú agus a thabhairt suas chun dáta sa reachtaíocht.