Aengus Ó Snodaigh
Ceist:68 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an bhfuil a fhios aici go bhfuil an córas International Standard Book Numbering, ISBN, bunaithe ar dheich n-uimhir atá ceangailte i dtrí ghrúpa uimhreacha. Léiríonn an chéad ghrúpa uimhreacha an tír nó an teanga as a dtagann sé, léiríonn an dara grúpa cad is uimhir don fhoilsitheoir agus an tríú grúpa uimhir don leabhar, agus an eol di nach bhfuil bac ar bith ar Éirinn iarratas a dhéanamh chun a huimhreacha aitheantais ISBN féin a lorg, agus a úsáid agus a phoibliú. [21069/04]
Amharc ar fhreagra