Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Polasaí Dátheangachas.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 October 2004

Tuesday, 5 October 2004

Ceisteanna (15)

Trevor Sargent

Ceist:

135 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén céatadán de na státseirbísigh ina Roinn atá dátheangach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus cén tionchar a bheidh ag Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ag stádas oifigiúil don Ghaelige san Aontas Eorpeach, AE, ar an riachtanas Gaeilge a bheith ag státseirbhísigh agus ag daoine eile amach anseo. [23281/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Mar is eol don Teachta, ní foláir, bhí sé de phribhléid agam scéim mo Roinne féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhoilsiú ar an Déardaoin seo caite. Ar ndóigh, tá céatadán suntasach de rannáin mo Roinnese ag feidhmiú cheana féin trí Ghaeilge. I gcás gach ceann de na rannáin a sholáthraíonn seirbhísí ar bhonn dhuine-le-duine trí Bhéarla amháin faoi láthair, tá céimeanna sonracha luaite sa scéim a chinnteoidh go mbeidh ar chumas na rannán sin déileáil go héifeachtach trí mheán na Gaeilge le grúpaí seachtracha roimh dheireadh thréimhse na scéime. Tá i gceist go ndéanfaidh an t-aonad oiliúna measúnú ar sholáthar agus éileamh ó thaobh sheirbhísí Gaeilge de i ngach rannóg de chuid na Roinne mar chuid den phróiseas sin.

Ag tagairt don earnáil phoiblí go ginearálta, caithfear a thuiscint nach féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ó thús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach, thar thréimhse roinnt scéimeanna, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh.

Ní mór a thuiscint freisin gur ar an gcomhlacht poiblí, seachas ar an duine aonair, atá an dualgas a chinntiú go gcuirfí feabhas ar bhealach comhtháite, céimiúil agus aontaithe ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh na hacmhainní cuí chuige sin curtha ar fáil i gcomhréir leis na ngeallúintí a bheidh sonraithe i scéim. Ní mór dom a mhiniú freisin, ar eagla aon mhí-thuisceana, nach mbeidh úsáid na Gaeilge éigeantach d'aon státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí agus gur ar bhonn chomhpháirtochta a thabharfar feidhm don Acht, chomh maith le pé torthaí a n-eascraíonn as ceist na Gaeilge san AE, atá á plé leis na hinstitiúidí Eorpacha faoi láthair.

Ar dtús báire ba mhaith liom a ghuí go n-éireoidh go geal leis an Aire agus le hAire Stáit na Roinne ins an chéad chéim eile den Rialtas — an céim dheireannach, déarfainn.

Tá a fhios agam nach féidir rudaí a dhéanamh thar oíche i gcomhthéacs athrú bunúsach in úsáid na teanga mar shampla. Mar sin féin, nach gceapann an tAire go mbeadh sé cabhrach, mar shampla i gcás Ombudsman na Leanaí nuair nár luadh Gaeilge mar riachtanas don phost, a rá go mbeadh eolas ar Ghaeilge ina bhuntáiste? Nach gceapann sé go mbeadh cumas oibre trí Ghaeilge ina ghné de fhostú amach anseo má tá ciall nó éifeacht taobh thiar den pholasaí a théann leis an Acht teanga? An bhfuil an tAire sásta a rá go poiblí gur buntáiste í an Ghaeilge ag iarrthóirí, go mórmór má aithnítear stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach agus i gcomhthéacs polasaí dátheangach ina Roinn féin agus, le cúnamh Dé, i ngach Roinn eile?

Ba cheart go mbeadh cumas oibre trí Ghaeilge á mheas i ngach aon oifig, ní hamháin i Roinn an Aire ach i ngach Roinn eile. Caithfear a rá an bhfuil cumas na Gaeilge ann nó nach bhfuil i dtreo is go dtuigfidh daoine go bhfuilimid ag dul sa treo cheart agus ní a mhalairt. An módh oibre fostaíochta is mó atá i gceist agam anseo. Nuair a thagann duine i gcomhair agallaimh, ba cheart a chumas oibre trí Ghaeilge a mheas. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin i gcoinne aon riail.

B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag breith ar seo ón taobh mícheart. Ma bhreathnaíon sé ar phlean mo Roinne féin, is é atá ann go soiléir ná go mbeidh duine i ngach uile rannóg a bheidh in ann seirbhís a thabhairt do chustaiméir trí mheán na Gaeilge. Ní hamhlaidh atá i láthair na huaire. Ar ndóigh, mar atá ráite go minic, déanann rannóg na Gaeilge, rannóg na n-oileán agus rannóg na Gaeltachta a ngnóithe trí Ghaeilge, ach ins na rannógaí eile ní hamhlaidh atá.

An rud atá i gceist a dhéanamh as seo go ceann trí bliana ná déanamh cinnte go mbeidh daoine ins na rannóga eile sa Roinn a bhéas in ann déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge. Chuige sin, beidh orainn, idir tréanáil, earcaíocht agus folúntais inmheánacha, déanamh cinnte gur chuid den pholasaí earcaíochta é go mbeidh duine le Gaeilge i ngach uile rannóg. Ní shin le rá go mbeidh ar gach uile dhuine sa rannóg Gaeilge a bheith acu ach beidh orainn déanamh cinnte go bhfuil, ar a laghad, duine le Gaeilge i ngach rannóg. Beidh orainn é sin thógáil san áireamh i gcúrsaí earcaíochta, ardaithe céime agus mar sin de.

Tá sé tábhachtach go mbeadh sé seo ar fad bunaithe ar sheirbhís don phobal seachas ar rud inmheánach ar mhaithe leis féin nó seachas rud le buntáiste a thabhairt don Ghaeilge thar an mBéarla díreach ar mhaithe le post a fháil. Ní shin atá i gceist. Ar ndóigh, dá mbeadh post do thréidlia, chaithfí dul agus tréidlia a fháil. Má tá post ina bhfuil Gaeilge agus Béarla riachtanach, beidh orainn duine le Gaeilge agus Béarla a fháil. Beidh ceann de na postanna sin le líonadh i ngach uile rannóg i mo Roinn as seo go ceann trí bliana.

Beimid ag súil go n-úsáideann na rannóga Stáit agus na comhluchtaí poiblí eile plean Ranna s'againne seo mar eiseamláir de dhea-chleachtas agus go leanfar é thar an tseirbhís poiblí. Dá mbeadh duine amháin le Gaeilge i ngach uile rannóg Stáit agus i ngach uile rannóg des na heagraíochtaí Stát, bheadh orainn go leor daoine le Gaeilge a earcadh. Luíonn sin le réasún.

Is ar mhaithe le seirbhís don chustaiméir agus ard-chaighdeán seirbhíse a thabhairt do chustaiméirí atá seo á dhéanamh agus ní ar mhaithe le buntáiste a thabhairt don Ghaeilgeoir thar an duine nach bhfuil ach Béarla amháin aige. Ar ndóigh, ar nós aon cháilíocht a bheith ag duine, is buntáiste é an cháilíocht bhreise a bheith ag duine go bhfuil sé nó sí dátheangach.

Tuigim go bhfuil an tAire ag caint ar pholasaí earcaíochta agus tagaim leis sin. An féidir leis a rá go bhfuil sé mí-shásúil nach raibh aon tagairt do riachtanas na Gaeilge in earcaíocht Ombudsman na Leanaí. Tuigeann an tAire go bhfuil go leor leanaí le Gaeilge, agus muna bhfuil Gaeilge ag an ombudsman, beidh fadhb ann.

An bhfoilseoidh an tAire, ó am go céile, tuairisc ar dhul chun cinn seirbhís trí Ghaeilge i ngach aon Roinn? Ba cheart go dtuigfeadh an pobal go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus cad iad na Ranna atá ag déanamh an dul chun cinn is fearr.

Maidir le ceist Ombudsman na Leanaí, tá go leor easnaimh sa seirbhís poiblí ach ná bíodh muid ag breathnú siar. Rinneadh é sin roimh feidhmiú an Achta. Beidh ar oifig Ombudsman na Leanaí plean a chur faoi bhráid na Roinne le déileáil le ceist sheirbhís trí Ghaeilge ach níl mise ag dul a rá inniu céard a bheidh sa bplean sin. Is rud é sin a bheidh le plé. Roghnaíodh 25 des na comhluchtaí poiblí is tábhachtaí sa tír — bíodh siad tábhachtach ar bhonn náisiúnta, mar Oifig an Úachtaráin nó Oifig an Taoisigh, nó mar go bhfuil siad ag freastal ar an nGaeltacht, mar Chomhairle Condae Thír Conaill — agus a rá leo go bhfuil orthu plean a réiteach. Beidh orthu an plean sin a aontú agus beidh spriocanna cinnte ann mar atá leagtha amach i bplean na Roinne s'agam féin, an t-aon phlean atá foilsithe. Beidh an sprioc agus an rud atá leagtha amach le déanamh go ceann trí bliana soiléir nuair atá an plean aontaithe.

Beidh sé de dhualgas ag an gCoimisinéir Teanga déanamh cinnte go bhfeidhmnítear an plean sin, mar is plean reachtúil atá i gceist. Is eisean a bheadh ag déanamh tuairisciú ar chomhlíonadh na ngeallúintí ar fad atá ins na pleananna. Sin an t-easnamh a bhí i saol na Gaeilge go dtí anois. Is iomaí plean a réitíodh agus is iomaí geallúint a tugadh ach ní raibh éinne neamhspleách taobh amuigh den chóras le déanamh cinnte gur comhlíonadh na geallúintí ar fad. Beidh sé sin amhlaidh sa gcás seo agus is céim mhór chun cinn é sin.

Barr
Roinn