Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004

Tuesday, 9 November 2004

Ceisteanna (39)

Trevor Sargent

Ceist:

94 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén machnamh atá déanta aige faoin moladh ón Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh agus ó dhaoine eile ag féile an Oireachtais le déanaí, Áisíneacht Tionchair Teanga a chur ar bun chun úsáid na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sna Gaeltachtaí. [27950/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is amhlaidh gur tháinig na moltaí seo chun cinn ag Féile Shamhna an Oireachtais mar chuid den díospóireacht faoin gcóras pleanála sa Ghaeltacht. Baineann an córas pleanála leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus leis na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram, i gcomhréir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór aird a thabhairt, i gcomhthéacs treoracha réigiúnacha pleanála, ar an ngá le cosaint a thabhairt d'oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta. Tá sé den riachtanas, ar ndóigh, go bhfeidhmeodh na heagrais éagsúla Stáit ar bhealach a thugann an tacaíocht is fearr agus is féidir don teanga sa Ghaeltacht.

Beidh a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil céimeanna suntasacha tógtha ag mo Roinnse agus ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun an Ghaeilge a chosaint agus a láidriú sa Ghaeltacht, ina measc cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; ceapachán an Choimisinéir Teanga; cinneadh maidir tús a chur le próiseas plé le baillstát eile an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún d'fhonn stádas oifigiúil oibre a iarraidh don Ghaeilge; an staidéar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bheidh mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta; an feachtas feasachta teanga —Ár dTeanga Nádúrtha féin — a fhéachann leis na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh a chur ina luí ar thuismitheoirí na Gaeltachta; an ciste €1.56 millúin thar trí bliana chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach; an soláthar breise de €890,000 atá curtha ar fáil do mo Roinn i 2004 chun díriú tuilleadh ar ghníomhaíochtaí teanga-lárnaithe trí chéile sa Ghaeltacht; agus an soláthar breise €1 millúin atá ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta lena chumasú dóibh béim níos láidre a chur ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le caomhnú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní mór a rá freisin go mbeidh mé sásta i gcónaí scrúdú a dhéanamh ar mholtaí nua chun na spriocanna seo a bhaint amach. Ar ndóigh, tá rath na hoibre seo trí chéile ag brath cuid mhaith ar thacaíocht agus comhoibriú ó phobal na Gaeltachta iad féin, chomh maith leis na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn