Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontais.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004

Tuesday, 9 November 2004

Ceisteanna (53)

Trevor Sargent

Ceist:

107 D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cént-idirphlé a bhí aige le déanaí, nó atá á phleanáil, a bhaineann le soláthar deontas ó Fhoras na Gaeilge go mór mór i dtaobh an nuachtáin a chuireann nuachtán laethúil le 11 phost ar fáil. [27951/04]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigfidh an Teachta gur ceist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina fheidhmíonn sé agus na Pleananna Oibre agus Corporáide atá aige. Maidir le , tuigtear dom go dtugann Foras na Gaeilge deontas forbartha do Phreas an Phobail chun cúig eagrán den nuachtáin laethúil a fhoilsiú in aghaidh na seachtaine. Faoi láthair, tá measúnú neamhspleách á dhéanamh ag Foras na Gaeilge ar an togra agus, bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe seo, déanfaidh bord an fhorais cinneadh maidir le maoiniú don nuachtán sa todhchaí.

Barr
Roinn