Mary Upton
Ceist:132 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige díospóireacht náisiúnta a spreagadh ar cheist na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27963/04]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 9 November 2004
132 D’fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige díospóireacht náisiúnta a spreagadh ar cheist na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27963/04]
Amharc ar fhreagraDírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 79 agus 129 maidir le Fóram na Gaeilge. Bheadh súil agam go dtarlódh de bharr obair an fhóraim — go háirithe maidir le plean a réiteach a bheadh dírithe ar chothú agus ar chaomhnú na teanga sa Stáit agus a chlúdódh réimse leathan tosaíochtaí i leith na Gaeilge — go spreagfar tuilleadh suime sa phobal maidir leis an teanga, rud a chabhródh le díospóireacht náisiúnta faoi cheist na Gaeilge.