Baineann an chuid dheireannach den cheist le ceist eile atá le freagairt inniu, agus sílim go mba cheart é sin a fhagáil go bhfreagrófaí an cheist sin.
Maidir leis an gcéad cheist, cheadaigh ant-údarás deontas don chairéal seo i 1998 ar an míthuiscint go raibh sé sa nGaeltacht. Bhí sé mícheart. Mar a mhínigh mé sa Teach cheanna, bhí sé deacair teorainn na Gaeltachta a aithint ag an bpointe sin, agus rinne sé botún. Níor cheart do dhuine botún a dhéanamh, ach tá sé daonna, agus is dóiche go dtuigimid ar an taobh seo den Teach gurbh é botún bona fide a bhí ann.
Ní bhaineann ceisteanna pleanála leis an ábhar seo ar chor ar bith. Nuair a tugadh an deontas, bhí sé ráite ag an údarás áitiúil gur chreid sé go raibh pleanáil ag an gcairéal seo ar an mbunús go raibh sé ann sular tháinig na dlíthe pleanála i bhfeidhm. I ndiaidh go raibh an deontas ceadaithe agus íoctha, thóg duine éigin ceist go dtí An Bord Pleanála, agus rialaigh sé ina dhiaidh sin nach raibh cead pleanála aige mar go raibh méadú úsáideach chomh mór sin is nach bhféadfaidís úsáid a bhaint as an chead pleanála a bhain le cairéalacha a tosaíodh roimh theacht na nAchtanna Pleanála. Ní féidir an milleán a chur ar Údarás na Gaeltachta, mar ní raibh a fhios aige roimh ré cad a déarfadh An Bord Pleanála trí nó ceithre bliana ina dhiaidh sin. Ghlac sé le focal bona fide an údaráis pleanála. Míníonn sé sin ceist na pleanála, agus dá bhrí sin, is féidir an cheist sin a chur ar leataobh.
Bhí imní orm maidir leis an gcás seo, ach thóg muid an cheist, agus go bhfios dúinn níl aon dearmad eile déanta. Ní amháin sin, ach dhearbhaigh Údarás na Gaeltachta dúinn go bhfuil céimeanna cuí glactha aige le déanamh cinnte nach dtarlóidh sé seo aríst. Mar atá ráite agam sa bhfreagra, scrúdaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais. Ceadaíodh an deontas sa mbliain 1998, agus íocadh €55,234 sa mbliain 1999-2000. Níl sé i gceist aon aisíoc a lorg sa gcás seo.