Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Irish Language.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 2 February 2005

Wednesday, 2 February 2005

Ceisteanna (221)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

277 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aige chun réimse leathan seirbhísí do Ghaeilgeoirí an oileáin uilig a fhorbairt. [3025/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Glacaim leis gur soláthar sheirbhísí do Ghaeilgeoirí ag comhlachtaí poiblí atá i gceist ag an Teachta. Níl aon fhreagracht ormsa mar Aire maidir le soláthar sheirbhísí dá leithéid taobh amuigh den Stát. Maidir le soláthar sheirbhísí poiblí laistigh den Stát, dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 41 an 14 Nollaig 2004 maidir le cur i bhfeidhm céimiúil fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar a d'fhógair mé cheana, leathnófar an réimse seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí tríd an Acht a chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil.

Barr
Roinn