Eagráitear seachtain na Gaeilge fé choimirce Chonraidh na Gaeilge; is é feidhm na seachtaine an ghaeilge a chur chun cinn trí imeacthaí agus ghníomhaíochtaí a reachtáil ar fud na tíre. I mbliana, mar a dheineadh cheanna, cuirfear seachtain na Gaeilge in iúl do baill fóirne mo Ranna i slite eagsúla. Foilseófar bailiúcháin suimiúil d'airteagail i nGaeilge, scríofa ag baill fóirne, in iris inmheanach na Ranna. Seolfar an iris seo do chuile dhuine sa Roinn roimh an teachtain chun aird na leitheoirí a spreagadh sna himeachtaí a bheidh ar siul i rith na seachtaine agus chun a chur in íul doibh conas teacht ar tuilleadh eolas ar imeachtaí na seachtaine ar fud na tíre. Comh maith le sin beidh póstaeir Chonraidh na Gaeilge ar imeachtaí na seachtaine á theaspáint in ionad-oibre éagsúla. Freisin tá grupaí neamhfhoirmiúla sa roinn a labhrann Gaeilge le chéile agus tá se ar intiin acu teacht le cheile i rith na seachtaine chun Gaeilge a labhairt.