Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 114 agus 115 le chéile.
Tuigfidh an Teachta gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna gnó agus corparáide atá aige.
Mar eolas don Teachta, áfach, tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl go follasach anuraidh go mbeadh deireadh ag teacht ar 31 Nollaig 2004 leis na sean-scéimeanna pobail a bhíá maoiniú ag an bhforas. Ag an am céanna, cuireadh in iúl go mbeadh comórtas oscailte á reachtáil ag an bhforas do scéim phobail Gaeilge 2005-2007 i rith fómhar na bliana 2004 agus go mbeadh na tionscadail rathúla á maoiniú ar feadh trí bliana.
Tuigim ón bhforas gur chuir 44 grúpa iarratas isteach faoin scéim nua agus go ndearnadh measúnú caighdeánach agus cuimsitheach ar na hiarratais ar fad i gcomhthéacs na gcritéar a bhí leagtha amach san fhoirm iarratais. D'éirigh le 20 iarratas as an 44 a cuireadh isteach, ach tuigim nach raibh an tionscadal a luann an Teachta i measc na gcinn ar éirigh leo. Tuigtear dom gurb é an tionscadal sin an t-aon cheann ó Phort Láirge a chur iarratas isteach faoin scéim.