Tony Gregory
Ceist:140 D'fhiafraigh Mr. Gregory den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais seomra i gcomhair múinteora acmhainne a chur ar fáil do Ghaelscoil (sonraí tugtha) agus, ós rud é go mbeidh beirt mhúinteoir acmhainne sa scoil ó Mheán Fómhair 2005, go bhfuil seomra agus trealamh ag teastáil go géar anois agus freisin nach bhfuil aon seomra ríomhaire, taisce nó leabharlann ag an scoil, an bhféadfadh sí cabhrú leis an scoil. [17667/05]
Amharc ar fhreagra