Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Departmental Staff.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 29 June 2005

Wednesday, 29 June 2005

Ceisteanna (38)

Joan Burton

Ceist:

32 D'fhiafraigh Ms Burton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, chun a chinntiú go mbeidh go leor aistritheoirí ar fáil chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm ina iomláine agus don éileamh a bheidh ann ón Aontas Eorpach mar gheall ar stádas oifigiúil oibre na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22576/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtosach báire ba mhaith liom a rá go mbíonn teagmháil rialta agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, mar a bhíonn le mo chomhghleacaithe eile sa Rialtas. Sin ráite, ní miste dom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil, mar atá mínithe agam sa Teach seo roimhe seo, Foras na Gaeilge i mbun próisis faoi láthair chun córas creidiúnaithe d'aistritheoirí a fhorbairt don earnáil phríobháideach aistriúcháin. Tá i gceist go mbeidh an córas seo i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo. Nuair a bheidh an córas i bhfeidhm, is cinnte gur cúnamh praiticiúil fíor-thábhachtach a bheidh ann do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag iarraidh úsáid a bhaint as seirbhísíó aistritheoirí príobháideacha. Ar ndóigh, is gnó do chomhlachtaí poiblí iad féin a shásamh maidir leis na seirbhísí aistriúcháin atá ar fáil, chomh maith le caighdeán agus luach-ar-airgid na seirbhísí sin.

Sa bhreis ar sin, tá mo Roinnse ag obair, ní amháin leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ach le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéil chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta. Is cinnte go mbeidh ról lárnach agus fíor-thábhachtach ag na hinstitiúidí tríú-leibhéil san obair dhúshlánach atá romhainn le cinntiú go mbeidh líon leor-dhóthanach do dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil chun freastal sásúil a dhéanamh, ní amháin ar réimse an aistriúcháin ach ar an iliomad réimsí eile. Níl amhras ar bith orm ach go nglacfaidh na hinstitiúidí sin go fonnmhar leis an dúshlán sin.

Barr
Roinn