Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Scoile.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 October 2005

Thursday, 13 October 2005

Ceisteanna (169)

Dinny McGinley

Ceist:

168 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an eol di nach bhfuil i scoil náisiúnta i nDún na nGall (sonraí tugtha) ach múinteoir amháin agus an gceadófar cúntóir ranga a cheapadh láithreach i gcomhair an chuid eile den scoilbhliain reatha. [28516/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Socraítear líon foirne bunscoile de réir an líon daltaí ar an rolla ar 30ú Meán Fómhair na scoilbhliana roimhe sin. Tá sé seo i gcomhréir le treoirlínte a aontaíodh idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus na páirtithe oideachais.

Is dócha gur eol duit go leagtar amach an sceideal foirne i gciorclán a sheolann mo Roinn chuig na bunscoileanna go léir gach bliain.

Chun trédhearcacht agus oscailteacht sa chóras a dheimhniú tá bord achomhairc neamhspleách anois ann chun achomhairc i dtaobh foireann príomhshrutha a bhreithniú.

Rinne an bord achomhairc breithniú arfhoireann na scoile don scoilbhliain 2005-06 ar 14ú Meitheamh 2005 agus diúltaíodh don achomharc.

Tuigim gur cuireadh cinneadh an bhord achomhairc in iúl do bhord bainistíochta na scoile ar 15ú Meitheamh 2005.

Níl dul thar bhreith an bhord achomhairc. Táim cinnte go dtuigfidh an Teachta nár chóír dhomsa idirghábháil a dhéanamh maidir le breith bhord achomhairc neamhspleách.

Ba mhaith leis an Teachta a nótáil, ar ndóigh, go bhfuil na riachtanais foirne maidir le scoileanna aon-oide, go ginearálta, á n-athbhreithniú faoi láthair sa Roinn. Má tharlaíonn athrú ar bith ar na heagair reatha, cuirfidh an Roinn a leithéid in iúl do na scoileanna ábhartha in am tráth.

Barr
Roinn