Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 October 2005

Wednesday, 26 October 2005

Ceisteanna (33)

Michael D. Higgins

Ceist:

102 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a bheidh cainteanna aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar thuarascáil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30725/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais, ar a n-áirítear cúrsaí scolaíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinnse i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, áfach, bíonn teagmháil rialta leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh a Roinne chun saincheisteanna ábhartha a phlé, ina measc bunscolaíocht agus meánscolaíocht sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn