Tá iarratas faighte ag mo Roinnse ar mhaoiniú caipitil i leith riachtanais chóiríochta na scoile seo. D'fhonn a chinntiú go ndéanfaidh aon infheistiú caipitil a phleanálfaí soláthar do riachtanais chóiríochta fadtéarmacha na scoile, is gá an clárú réamh-mheasta fadtéarmach ag an scoil a mheas, óir go mbeidh an méid cóiríochta a bheas de dhíth ar an scoil ag brath air sin. Tá an measúnacht seo nach mór críochnaithe agus chomh luath is a bheidh sé tugtha chun críche le húdarás na scoile déanfar cinneadh ar an gcaoi is fearr chun soláthar a dhéanamh do dhítheanna reatha agus dítheanna feasta.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí, a ghníomhaíonn ar son mo Ranna maidir le ceannach suíomhanna, ag déanamh socruithe faoi láthair chun síneadh le suíomh na scoile mar atá a cheannach d'fhonn an fhorbairt atá de dhíth a éascú. Breithneofar an tionscadal seo i gcomhthéacs an chláir 2005-09 um thógail agus athchoiriú scoileanna.