Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas trí Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 December 2005

Wednesday, 14 December 2005

Ceisteanna (292)

Enda Kenny

Ceist:

319 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dearcadh atá aici féin agus cén dearcadh atá sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta i leith thuarascáil Murray (sonraí tugtha); ina theannta sin, cén dul chun cinn atá déanta laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun na moltaí atá sa tuarascáil a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39602/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foilsíodh an tuarascáil a luaigh an Teachta ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoile. Sa tuarascáil gheofar creat de na príomhcheisteanna chomh maith le roinnt moltaí ar sholáthar oideachais dara leibhéil trí mheán na Gaeilge. Tá an tuarascáil á scrúdú i mo Roinnse i láthair na huaire i gcomhthéacs phróiseas leasaithe a chur ar bun faoina dtabharfaí aitheantas do na scoileanna dara leibhéal Gaeilge go léir.

Barr
Roinn