Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ionad Náisiúnta Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Thursday - 2 February 2006

Thursday, 2 February 2006

Ceisteanna (209)

Dinny McGinley

Ceist:

210 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén toradh go sonrach atá ar na cainteanna (féach freagra an Aire dar dáta 8 Samhain 2005) a tharla idir a hoifigigh agus oifigigh shinsearacha ó pháirtithe leasmhara na n-eagras reachtúil Gaeilge maidir le forbairt chomhordaithe an Ionaid Náisiúnta Gaeilge (Baile Bhuirne) ar bhonn práinne i láthair chaiteachas na Roinne ar an togra go dtí seo agus i láthair fógraí iomadúla faoin togra ó cheathrar Aire Rialtais le sé bliana anuas. [3794/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá an cheist seo á plé faoi láthair i gcomhthéacs na moltaíón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ní mór machnamh breise a chaitheamh leis an raon leathan moltaí atá faoi mo bhráid agus go háirithe an aighneacht is déanaíón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sar ar féidir cinneadh cinnte a dhéanamh maidir leis an dtógra atá faoi chaibidil i mBaile Mhúirne.

Barr
Roinn