Ba mhaith liom a mhíniú don Teachta go leagtar síos sna Treoirlínte faoi alt 12 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2004, gur chóir do chomhlachtaí polasaí soiléir a chruthú dá n-eagraíochtaí féin maidir le soláthar sheirbhísí dhátheangacha i gcomhthéacs scéim teanga faoi alt 11 a ullmhú.
I measc na nithe sonracha atá luaite sna Treoirlínte, a bheadh le cur san áireamh i bpolasaí den tsórt sin, tá:
. . . cleachtas dátheangach a chur i bhfeidhm i ndoiciméid chlóite (foirmeacha iarratais, ciorcláin, fógraí eolais, etc). Sa chuid is mó de na cásanna, is é an dea-chleachtas ná go gcuirfear i láthair leaganacha ar leithligh sna teangacha laistigh d'aon chlúdach amháin.
Cé go bhfuil buntáistí láidre don chustaiméir go mbeadh an Béarla agus an Ghaeilge taobh le taobh ar leathanaigh, is ceist í do gach comhlacht ar leith polasaí a chruthú dá eagraíocht féin a oireann dá chustaiméiríó thaobh sheirbhísí dátheangacha a sholáthar, ag tógáil san áireamh nithe a bhaineann le costais agus modhanna chun doiciméid agus foirmeacha a sheachadadh.