Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aistritheoirí Béarla-Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 February 2006

Wednesday, 8 February 2006

Ceisteanna (27)

Joe Costello

Ceist:

115 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chuirfear scéim oifigiúil cáilíochtaí ar bun d’aistritheoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [4408/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá iarrtha agam ar Fhoras na Gaeilge córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Is é seo an chéad chóras dá leithéid a bheidh ar fáil d'aistritheoirí Gaeilge na tíre seo.

D'eagraigh Foras na Gaeilge seimineár le gairid chun an dul chun cinn a bhí déanta go dáta i ndáil le forbairt an chórais a chur i láthair an phobail. Tuigim gur fhreastail slua ollmhór ar an tseimineár agus gur léirigh siad an-spéis sa chóras nua. Is éard a bheidh i gceist ná go mbronnfar séala creidiúnaithe ar aistritheoirí a bhaineann caighdeán sár-chumais amach. Mar chéad chéim chun an caighdeán sin a thástáil, déanfar scrúdú a eagrú i mí Aibreáin 2006. Cruthófar phainéal d'aistritheoirí creidiúnaithe agus, mar a thuigim, beidh an chéad phainéal ar fáil do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha faoi mhí na Bealtaine 2006.

Is próiseas leanúnach — le scrúduithe ar bhonn tráth-rialta amach anseo — a bheidh i gceist sa chóras creidiúnaithe seo, a fhéachfaidh le seirbhísí aistriúcháin ghairmiúla d'ard-chaighdeáin a chinntiú.

Barr
Roinn