Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil Ranna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 5 April 2006

Wednesday, 5 April 2006

Ceisteanna (101)

Dinny McGinley

Ceist:

101 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil tuarascáil Harris ar an Ghaeilge scrúdaithe aici go fóill, cad iad na príomh-mholtaí atá sa tuarascáil, cén uair a bheas an tuarascáil á foilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina taobh. [13181/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tagraíonn an Teachta don tuarascáil Irish in Primary Schools: National Trends in Achievement (1985-2002) atá curtha ar fáil ag an Dr. John Harris agus a mhaoinigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ní mór leagan Gaeilge agus Béarla den tuarascáil a fhoilsiú go comhuaineach agus tá leagan Gaeilge á ullmhú faoi láthair. Ní fada go mbeidh sé seo ar fáil. Tá sé ar intinn agam an tuarascáil a fhoilsiú roimh dheireadh mhí na Bealtaine. Idir an dá linn tá deis agam príomhthorthaí agus moltaí na tuarascála a mheá agus beartanna a ullmhú mar thaca don Ghaeilge sa chóras oideachais.

Barr
Roinn