In aighneacht chuimsitheach chugamsa ar Chúltaca an Gharda Síochána, tá molta ag Coimisinéir an Gharda Síochána, inter alia, gur cheart go mbeadh riachtanais iontrála do chomhaltaí de Chúltaca molta an Gharda Síochána ar aon dul leis na riachtanais do chomhaltaí lánaimseartha den Gharda Síochána. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar chomhaltaí cúltaca, cosúil le comhaltaí lánaimseartha, cáilíocht a theachtadh go dtí an caighdeán is gá i nGaeilge nó i mBéarla agus i dteanga amháin eile.
Beidh an oiliúint do chomhaltaí cúltaca chomh hard leis na cleachtais idirnáisiúnta is fearr do phóilíní cúltaca, ach gan amhras ní féidir leis an oiliúint sin bheith ina macasamhail den oiliúint chuimsitheach 2 bhliain a thugtar d'earcaigh lánaimseartha sa Gharda Síochána, ná níl sí beartaithe bheith ina macasamhail di.
Ní mholann an Coimisinéir, mar sin, teagasc in úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach mar chuid den chúrsa oiliúna do Chúltaca an Gharda Síochána, ach tá sé tábhachtach a thabhairt do d'aire go ndéanfaidh comhaltaí lánaimseartha den Gharda Síochána comhaltaí cúltaca a thionlacan ar dualgas.
Táim i gcomhairle le comhlachais na nGardaí faoi láthair maidir le mionsonraí an Chúltaca atá molta, agus tá ar intinn agam dréachtrialacháin a chur i láthair Chomhchoiste an Oireachtais um Dhlí agus Ceart, Comhionannas, Cosaint agus Cearta na mBan sa neastodhchaí.