Déanann an Teachta tagairt do chuid dos na hIonaid Oideachais sa líonra Ionad Oideachais atá suite go straitéiseach ar fud na tíre. Tá 21 Ionad Oideachais ag feidhmiú go lán aimseartha agus 9 gcinn ag feidhmiú ar bhonn páirt-aimseartha. Tá an líonra seo rí-thabhachtach maidir le polasaí mo Roinne i dtaobh fhorbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil d'oidí i gcomhthéacs cláracha náisiúnta sa churaclam agus chun freastal ar riachtanais ghairmiúla eile oidí a aimsítear sna cheantracha maguaird.
Cuidíonn an líonra Ionad Oideachais seo le forbairt ghairmiúil oidí tré cláracha inseirbhíse nua a chur ar fáil dóibh san agus don chomhluadar oideachais atá níos leithne. Chomh maith le san, cabhraíonn na hIonaid Oideachais leis na rannpháirtithe uile sa chomthionól oideachais áitiúil an lámh in uachtar a fháil ar dúshláin a thagann leis an athru. Cuireadh go mor freisin leis an gcomhoibriú san oideachas de bhárr na freagrachtaí nua a tugadh dos na hionaid Oideachais faoi théarmaí Acht Oideachais, 1998.
Tá mé sásta gur leor é, an liónra Ionad Oideachais atá ann faoi láthair, chun freastal ar riachtanais ghairmiúla oidí ag an tráth seo agus dár ndoígh beidh an scéal faoi athbhreithniú i gcomhtheacs riachtanais nua a thagann ar an saol.