Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2006

Tuesday, 16 May 2006

Ceisteanna (49)

Eamon Gilmore

Ceist:

97 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén t-agallamh a bhí aige leis an gComisinéir Teanga i leith na 415 chás nua a cuireadh i láthair Oifig an Choimisinéara in 2005; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18148/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéir Teanga do 2005 i mí Márta na bliana seo. Fáiltím go mór roimh an dtuarascáil agus, mar atá ráite agam cheana, táim ag tnúth go mór leis an dtoradh a thiocfaidh ó shaothar Oifig an Choimisinéara maidir le monatóireacht a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil faoi fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

An méid sin ráite, mar is eol don Teachta, tá An Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoi Chuid 4 den Acht sin agus bheadh sé mícheart domsa ceisteanna maidir le cásanna nó gearáin ar leith a phlé leis.

Barr
Roinn