Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foclóir Béarla-Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2006

Tuesday, 16 May 2006

Ceisteanna (52)

Michael D. Higgins

Ceist:

100 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a thosóidh Céim a Dó de thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18145/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a thug mé le fios sa fhreagra ar Cheist Uimh. 133 den 8 Feabhra 2006, tá céim a haon den tionscadal seo curtha i gcrích.

Tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge bainisteoir tionscadail agus eagarthóir foclóireachta a fhostú le céim a dó den tionscadal a bhogadh ar aghaidh. Is céim chasta í an chéad chéim eile, is é sin, tiomsú agus scríobh an fhoclóra, idir leagan leictreonach agus an leagan clóite de. Meastar gur obair thrí nó ceithre bliana a bheidh i gceist chun céim a dó a chríochnú. Ina dhiaidh sin, beidh an dá leagan den fhoclóir críochnaithe le táirgeadh agus meastar go dtógfaidh an próiseas sin suas le bliain.

Ní mór dul trí nósanna imeachta ar leith sa chomhthéacs Thuaidh/Theas chun Bainisteoir Tionscadail agus Eagarthóir Foclóireachta a fhostú do chéim a dó agus tá an próiseas sin idir lámha faoi láthair.

Barr
Roinn