Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 May 2006

Tuesday, 16 May 2006

Ceisteanna (54)

Joe Costello

Ceist:

103 D'fhiafraigh Mr. Costello den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a fhoilseoidh an Rialtas an ráiteas atá geallta aige ar an nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [18144/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a mhínigh mé don Teach mar fhreagra ar roinnt ceisteanna faoin ábhar seo cheana, iarradh tuairimí ó chomhaltaí Fhóram na Gaeilge sa bhliain 2005, i gcomhthéacs an róil chomhairleoireachta a tugadh don ghrúpa, maidir le plean straitéiseach 20 bliain a fhorbairt don Ghaeilge mar aon le tosaíochtaí gaolmhara gearr-théarmacha, agus tá obair ar na ceisteanna sin idir lámha.

Tá an cheist maidir le ráiteas soiléir ón Rialtas i ndáil le ról agus tábhacht na Gaeilge tagtha chun cinn mar ábhar tosaíochta sa chomhthéacs sin. Tá dul chun cinn suntasach bainte amach faoin ábhar seo agus tá súil agam a bheith in ann tuilleadh a rá faoi seo go luath.

Question No. 104 answered with QuestionNo. 80.
Barr
Roinn