Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díolúine ón nGaeilge.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 May 2006

Tuesday, 30 May 2006

Ceisteanna (550)

Trevor Sargent

Ceist:

593 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sí na staitisticí seo a leanas ar fáil maidir le Díolúine ón nGaeilge: cad iad na figiúirí ó 2002 ar aghaidh ar na miondealú de réir contae, de réir inscne, de réir bliana (an Idirbhliain san áireamh), de réir earnála (Dara Leibhéal Saorálach, Pobalscoileanna, Scoileanna Cuimsitheacha agus Coistí Gairmoideachais) chomh maith le pé eolas eile a bheadh ad rem chun pictiúr soiléir a fháil den díolúine. [21049/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl an t-eolas maidir le Díolúine ón nGaeilge ar fáil briste síos sa tslí atá á lorg ag an Teachta anois díreach. Cuirfear na staitisticí le chéile agus seolfar chuig an Teachta iad.

Barr
Roinn