Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aonad Náisiúnta Oideachais Gaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 June 2006

Wednesday, 14 June 2006

Ceisteanna (26)

Eamon Gilmore

Ceist:

50 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh agallamh aige leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó 16/5/2006 faoi Aonad Náisiúnta Oideachais Gaeilge a bhunú i mBaile Bhúirne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [22760/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar a chuir mé in iúl don Teach seo cheana, bhí cruinnithe agus plé agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta ar ócáidí éagsúla maidir leis an gceist atá luaite ag an Teachta. Chomh maith leis sin, bhí an cheist mar ábhar plé ag cruinnithe éagsúla idir oifigigh mo Roinne-se agus oifigigh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Go deimhin, d'fhreastail oifigigh de chuid mo Roinne-se ar shraith cruinnithe sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta Dé Luain seo caite, tráth ar pléadh an cheist leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Ar ndóigh, cé go bhfuil mo Roinnse gníomhach sa phróiseas plé atá ar siúl, tuigfidh an Teachta gur ceist í seo a bhaineann go príomha leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Barr
Roinn