Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Tógála Scoile.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 September 2006

Wednesday, 27 September 2006

Ceisteanna (1328)

Brian O'Shea

Ceist:

1397 D’fhiafraigh Mr. O’Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas ó Ghaelscoil Philib Barún, Trá Mhór, Contae Phort Láirge, ar fhoirgneamh buan (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina dtaobh [29740/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Rannóg Phleanála Scoileanna mo Roinne tar éis iarratas a fháil ar oibreacha móra caipitil ón údarás bainistíochta sa scoil dá dtagrann an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh do thionscadail ar scála mór agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó. Iarradh faisnéis nuashonraithe ón gcigire áitiúil i dtaobh rollachán réamheasta. Chomh luath agus a fhaightear an fhaisnéis seo beidh an Rannóg Phleanála Scoileanna i dteagmháil le húdarás bainistíochta na scoile chun an tionscadal a chur chun cinn.

Barr
Roinn