Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Ghaeilge.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 October 2006

Wednesday, 25 October 2006

Ceisteanna (187)

Dinny McGinley

Ceist:

248 D’fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist aige rialacháin a dhéanamh faoi alt d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, lena chinntiú go mbeidh foirmeacha dátheangacha ar fáil don phobal ó chomhlachtaí poiblí mar ghnáthnós agus go mbeidh comharthaí a gcaitear airgead poiblí orthu dátheangach mar ghnáthnós faoi mar a tharlaíonn i dtíortha dátheangacha eile. [34770/06]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 266 den 28 Meán Fómhair 2006. Tá dréacht de rialacháin faoi alt 9(1) leagtha agam faoi bhráid gach Teach den Oireachtas le deis a thabhairt do Theachtaí agus Seanadóirí iad a phlé agus leasuithe a mholadh sula ndéanfaidh mé iad a shíniú. Tá súil agam go mbeidh an plé sin ann go luath. Ní mór dom a chur in iúl don Teachta, áfach, nach dtagann foirmeacha faoi scáth alt 9(1) den Acht. Is amhlaidh go bhfuil seirbhísí mar sholáthar fhoirmeacha ar cheann de na hábhair a clúdaítear faoi na scéimeanna teanga a bhíonn le haontú le comhlachtaí poiblí faoi réir fhorálacha alt 11 den Acht.

Barr
Roinn