Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 504 go 508, araon san áireamh, a fhreagairt le chéile.
Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé dréacht de na rialacháin atá i gceist agam a dhéanamh faoi Alt (9) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le déanaí — Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2006. Baineann na rialacháin sin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.
Is i bhfoirm dréachta a d'fhoilsigh mé na rialacháin sin d'aonghnó i le go mbeadh deis ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí na dréacht-rialacháin a phlé sula síneofar iad agus moltaí a dhéanamh maidir le hathruithe, más mian leo.
Ní miste dom a lua nach bhfuil aon fhreagracht ar mo Roinnse maidir le halt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leasú. Baineann sé sin le mo comhghleacaí, an tAire Iompair.