Tá an Roinn tar éis iarratas a fháil ar mhaoiniú mór caipitil ó údarás bainistíochta na scoile dá dtagrann an Teachta. Measúnaíodh an t-iarratas de réir na gcritéar tosaíochta a foilsíodh do thionscadail foirgníochta ar scála mór agus sannadh rátáil Bhanda a 2 dó.
Tá foirniú réamheasta fadtéarmach na scoile dá leagadh amach faoi láthair ag an Rannóg Phleanála Scoileanna. Chomh luath agus atá sé seo socraithe cuirfear scéala chuig an scoil. Tá an Rannóg Phleanála Scoileanna ag súil go mbeidh ar a cumas an fhaisnéis seo a chur ar aghaidh chuig an scoil go gairid.